Tiomna Nua

Matha 4:14-21 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

14. ionas go gcomhlíonfaí a ndúirt an fáidh Ísáia:

15. “Tír Shebúlúin agus Tír Naftálí,i dtreo na farraige, taobh thall den Iornán,Galailí na nGintlithe—

16. an mhuintir a bhíodh ina suí faoin dorchadas,tá solas mór feicthe acu,agus an dream a bhí suite i dtír an éaga agus faoi scáth an bháis,is orthu a d'éirigh an solas.”

17. As sin amach thosaigh Íosa a sheanmóireacht, agus dúirt sé, “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht neimhe i bhfogas.”

18. Bhí Íosa ag siúl ar bhruach Mhuir Ghalailí, nuair a chonaic sé beirt dheartháireacha, Siomón ar tugadh Peadar air agus Aindrias a dheartháir, agus iad ag cur lín i bhfarraige mar ba iascairí iad.

19. Agus dúirt sé leo, “Leanaigí mise, agus cuirfidh mé a iascaireacht fear sibh.”

20. D'fhág siad a líonta ar an toirt gur lean siad é.

21. Agus shiúil sé ar aghaidh leis go bhfaca beirt eile dheartháireacha, Séamas mac Shebidé agus a dheartháir Eoin, sa bhád i gcuideachta Shebidé a n‑athair, agus iad ag deisiú a líonta, agus ghlaoigh sé orthu.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 4