Tiomna Nua

Matha 4:1-11 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Ba ansin a bhí Íosa á threorú ag an Spiorad Naomh amach ar an bhfásach ionas go gcuirfeadh an diabhal cathú air.

2. Agus rinne sé troscadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí an t‑ocras air.

3. Agus tháinig an cathaitheoir chuige go ndúirt leis, “Más tú Mac Dé, ordaigh do na clocha seo bheith ina mbuilíní aráin.”

4. Ach d'fhreagair sé, “Is é atá scríofa,‘Ní ar arán amháin a mhairfeas an duine,ach ar an uile bhriathar dá dtagann as béal Dé.’”

5. Ba ansin a thug an diabhal leis é go dtí an naomh-chathair, gur chuir ina sheasamh é i bhfíor-mhullach an teampaill,

6. go ndúirt leis, “Más tú Mac Dé, caith síos thú féin; mar tá scríofa,‘Cuirfidh sé ar chúram a aingeal thú,’agus‘Iompróidh siad ar a mbosa thú,ionas nach ngortaí tú do chos in éadan cloiche.’”

7. Arsa Íosa leis, “Tá scríofa arís, ‘Ní chuirfidh tú cathú ar do Thiarna Dia.’”

8. Thug an diabhal leis arís é go mullach sléibhe a bhí as cuimse ard, gur thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain agus a nglóir;

9. agus ar seisean leis, “Bronnfaidh mé iad seo uile ort, ach tú titim síos agus mé a adhradh.”

10. Ba ansin a dúirt Íosa leis, “Fág seo, a Shátain! Mar tá scríofa,‘Adharfaidh tú do Thiarna Diaagus ní dhéanfaidh tú seirbhís ach dósan amháin.’”

11. D'fhág an diabhal ansin é, agus b'shiúd na haingil ag teacht chuige a fhreastal air.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 4