Tiomna Nua

Matha 3:10-17 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

10. Agus anois féin tá béal na tua leagtha anuas ar bhun na gcrann; agus beidh an crann nach dtugann dea-thoradh uaidh á ghearradh anuas agus á chaitheamh isteach sa tine.

11. “Bímse do bhur mbaisteadh in uisce chun aithrí, ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is mó é ná mise, agus ní fiú mé a chuaráin a iompar; déanfaidh seisean bhur mbaist­eadh leis an Spiorad Naomh agus leis an tine.

12. Tá an dallán ina láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus cruinneoidh sé a chruithneacht isteach san iothlainn, ach loiscfidh sé an cháith i dtine nach múchtar.”

13. Ba é sin an t‑am ar tháinig Íosa ó Ghalailí go hlornán chuig Eoin ionas go mbaistfeadh seisean é.

14. Rinne Eoin iarracht ar chúl a chur air, agus dúirt sé, “Cad chuige duit teacht chugam, agus gnótha agam bheith do mo bhaisteadh agatsa?”

15. Ach is é an freagra a thug Íosa air, “Ná diúltaigh mé anois; mar is mar sin is cóir dúinn a dhéanamh leis an bhfíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Ghéill sé dó ansin.

16. Agus nuair a bhí Íosa baiste, chuaigh sé suas as an uisce gan mhoill, agus b'shiúd doirse na bhflaitheas á n‑oscailt go bhfaca sé Spiorad Dé ag teacht anuas chuige mar a bheadh colm ann ag tuirlingt air;

17. agus b'shiúd an glór ó neamh, á rá, “Is é seo mo mhac ionúin; a bhfuil toil agam ann.”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 3