Tiomna Nua

Matha 3:1-9 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Ba sna laethanta úd a tháinig Eoin Baiste, ag seanmóireacht i bhfásach Iúdaea,

2. “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas i bhfogas daoibh.”

3. Mar is é sin an té ar labhair an fáidh Ísáia air nuair a dúirt sé,“Glór duine ag glaoch ar an bhfásach:Ullmhaígí slí an Tiarna,dírígí na cosáin roimhe.”

4. Anois bhíodh éadach de rón camaill ar Eoin, agus crios leathair ar a chom; agus lócaistí agus mil bheach fiáin mar bhia aige.

5. Ba ansin a chuaigh a raibh in Iarúsailéim agus ar fud Iúdaea agus sa cheantar cois Iornáin go dtí é,

6. gur bhaist sé in abhainn an Iornáin iad, agus iad ag admháil a bpeacaí os ard.

7. Ach nuair a chonaic sé cuid mhór de na Fairiséigh agus de na Sadúicéigh ag teacht chuige le baiste a fháil, is é a dúirt sé leo, “A shliocht úd na nathracha! Cé a thug mar rabhadh daoibh éalú ón díbheirg atá le teacht?

8. Tugaigí an toradh is dual don aithrí,

9. agus ná bíodh sé de dhánacht agaibh a rá in bhur n‑intinn féin, ‘Is é Abracham is athair dúinn’; mar táim á insint daoibh, go bhféadann Dia na clocha seo a chur ina seasamh agus clann Abrachaim a dhéanamh díobh.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 3