Tiomna Nua

Matha 28:9-19 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

9. Agus féach, tháinig Íosa ina n‑airicis agus dúirt sé, “Fáilte!” Agus tháinig siad aníos chuige gur rug ar a chosa agus gur adhair siad é.

10. Dúirt Íosa leo ansin, “Ná bíodh eagla oraibh; imígí agus tugaigí scéal chuig mo bhráithre go gcaithfidh siad dul go Galailí, agus go bhfeicfidh siad ansin mé.”

11. Nuair a bhí siadsan ag siúl, d'imigh cuid den gharda isteach sa chathair gur inis siad ar tharla uile do na hard­sagairt.

12. Tháinig siad le chéile iadsan agus na seanóirí agus ghlac siad comhairle, agus ansin thug siad lán cráige d'airgead do na saighdiúirí

13. agus dúirt, “Insígí do dhaoine gur tháinig a dheisceabailsean san oíche nuair a bhí sibhse in bhur gcodladh agus gur ardaigh siad leo é.

14. Agus má mhothaíonn an t‑uachtarán aon iomrá air sin, beidh leithscéal éigin againne dó a thabharfas as an gcruachás sibh.”

15. Mar sin ghlac siad leis an airgead uathu agus rinne siad mar a bhí ordaithe dóibh; agus tá an scéal sin scaipthe i measc na nGiúdach go dtí an lá seo.

16. Chuaigh an t‑aon deisceabal déag ansin go Galailí, go dtí an sliabh a bhí ainmnithe ag Íosa.

17. Agus nuair a chonaic siad é, thug siad adhradh dó; ach bhí cuid acu in amhras.

18. Agus tháinig Íosa agus dúirt sé leo, “Bronnadh orm an uile údarás ar neamh agus ar talamh.

19. Siúlaigí libh mar sin a dhéanamh deisceabal as na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 28