1. Anois nuair a bhí an tsabóid beagnach thart, agus an chéad lá den tseachtain ag bánú, chuaigh Muire Mhaghdalénach agus an Mhuire eile a amharc ar an tuama.
2. Agus b'shiúd crith talaimh mór: aingeal ó Dhia ag tuirlingt ó neamh agus ag iontú na cloíche siar agus ag suí uirthi.
3. A ghnúis mar chaor thine agus a bhaill éadaigh ar ghile an tsneachta.
4. Leis an eagla a bhí orthu roimhe chuaigh na gardaí ar bharr amháin creatha agus thit mar mhairbh in áit na mbonn.
5. Ach dúirt an t‑aingeal leis na mná, “Ná bíodh eagla oraibh; mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag iarraidh Íosa a céasadh.
6. Nil sé anseo, mar tá sé i ndiaidh éirí mar a dúirt sé. Tagaigí go bhfeice sibh an áit a raibh sé ina luí.
7. lmígí ansin go tapaidh agus insígí dá dheisceabail go bhfuil sé i ndiaidh éirí ó mhairbh, agus féachaigí, tá sé ag dul romhaibh go Galailí; is ansin a fheicfeas sibh é. Seo, tá sé inste agam daoibh.”
8. D'imigh siad ón tuama faoi dheifir mar sin agus eagla agus móráthas orthu, agus rith siad lena insint dá dheisceabail.