Tiomna Nua

Matha 26:62-75 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

62. Agus d'éirigh an t‑ardsagart ina sheasamh agus dúirt sé, “Nach bhfuil aon fhreagra le tabhairt agat? Cad é sin a dhearbhaíos na fir seo i d'éadan?”

63. Ach bhí Íosa ina thost. Agus dúirt an t‑ardsagart leis, “Cuirim ort, as ucht an Dé bhí, a insint dúinn más tú an Críost, Mac Dé.”

64. Dúirt Íosa leo, “Is tú a dúirt é. Ach insím duit, go bhfeicfidh tú san am atá romhainn Mac an duine ina shuí ar dheasláimh na cumhachta, agus é ag teacht i néalta neimhe.”

65. Réab an t‑ardsagart a róbaí ansin, agus dúirt sé, “Tá diamhasla ráite aige lena bhéal. Cad é an gnó atá agaibh le tuilleadh finnéithe? Tá sibh anois tar éis an diamhasla sin a chluinstín óna bhéal.

66. Cad i an bhreith a thugas sibh?” D'fhreagair siadsan, “Tá an bás tuillte aige.”

67. Chaith siad a seile ar a leiceann ansin, agus bhuail siad é; agus bhuail cuid acu lena mbosa é,

68. á rá, “Déan fáistine dúinn, tusa atá i do Chríost? Cé hé sin a bhuail thú?”

69. Anois bhí Peadar ina shuí amuigh sa chúirt. Agus tháinig cailín aimsire aníos chuige, agus dúirt sí, “Bhí tusa i gcuideachta Íosa Galailéigh freisin.”

70. Ach shéan sé é os comhair an iomláin acu, agus dúirt sé, “Ní thuigim cad é atá tú á rá.”

71. Agus nuair a chuaigh sé amach sa phóirse, chonaic cailín aimsire eile é, agus dúirt sí leis na fir a bhí ina seasamh thart, “Bhí an duine seo i gcuideachta Íosa an Nasarthach.”

72. Agus shéan sé arís é agus thug sé míonna, “Níl aithne agam ar an duine úd.”

73. Tamall gairid ina dhiadh sin tháinig na fir a bhí ina seasamh thart chuig Peadar agus dúirt siad leis, “Scéal cinnte go bhfuil tusa ar dhuine acu, mar tá sin le léamh ar bhlas do chainte.”

74. Thosaigh sé ansin ar thabhairt na mionn agus ag glaoch mallachtaí air féin nach raibh aithne aige ar a leithéid de dhuine. Agus ar an móimint sin ghlaoigh an coileach.

75. Agus chuimhnigh Peadar ansin ar an gcaint a dúirt Íosa, “Sula nglaonn an coileach, séanfaidh tú faoi thrí mé.” Agus chuaigh sé amach agus chaoin sé go géar goirt.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 26