Tiomna Nua

Matha 26:51-64 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

51. Agus b'shiúd duine de lucht leanúna Íosa a shín a lámh agus a tharraing a chlaíomh, agus a bhuail buille ar mhogh leis an ardsagart agus a bhain a leathchluas de.

52. Ansin dúirt Íosa leis, “Cuir do chlaíomh san áit is dual dó; mar níl duine dá dtéann i muinín an chlaíomh nach dtabharfaidh an claíomh a bhás.

53. An síleann sibh nach féidir liom a iarraidh ar m'Athairse, agus an síleann sibh nach gcuirfidh sé breis agus deich léigiún d'aingil chugam ar an toirt?

54. Ach dá ndéantaí amhlaidh, conas a chomhlíonfaí an scrioptúr a deir go gcaithfidh sé bheith mar seo?”

55. San uair chéanna arsa Íosa leis na sluaite, “Ar tháinig sibh amach do mo ghabháil agus claímhte agus bataí agaibh, ionann is dá mbeadh sibh ag teacht amach in éadan bithiúnaigh éigin? Bhí mé i mo shuí ó lá go chéile sa teampall agus mé ag teagasc, agus gan sibh mé a ghabháil.

56. Ach tharla seo uile ionas go gcomhlíonfaí scríbhinní na bhfáithe.” Ba ansin a thréig na deisceabail uile é agus a d'éalaigh siad leo.

57. An dream a ghabh Íosa, threoraigh siad ansin é chuig teach Chaiafas an t‑ardsagart, áit a raibh na scríobhaithe agus na seanóirí cruinnithe.

58. Ach lean Peadar é tamall uaidh, chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus chuaigh sé isteach gur shuigh faoi i gcuideachta na ngardaí go bhfeicfeadh sé an deireadh a bheadh air.

59. Anois bhí na hardsagairt agus an chomhairle uile ag iarraidh fíanaise bhréige a fháil in aghaidh Íosa ionas go gcuirfeadh siad chun báis é,

60. ach ní bhfuair siad aon fhíanaise ina éadan, cé gur tháinig mórán finnéithe bréige chun tosaigh. Sa deireadh tháinig beirt chun tosaigh

61. agus dúirt siad, “Dúirt an duine seo, ‘Is féidir liom teampall Dé a scríosadh agus a thógáil arís i seal trí lá.’”

62. Agus d'éirigh an t‑ardsagart ina sheasamh agus dúirt sé, “Nach bhfuil aon fhreagra le tabhairt agat? Cad é sin a dhearbhaíos na fir seo i d'éadan?”

63. Ach bhí Íosa ina thost. Agus dúirt an t‑ardsagart leis, “Cuirim ort, as ucht an Dé bhí, a insint dúinn más tú an Críost, Mac Dé.”

64. Dúirt Íosa leo, “Is tú a dúirt é. Ach insím duit, go bhfeicfidh tú san am atá romhainn Mac an duine ina shuí ar dheasláimh na cumhachta, agus é ag teacht i néalta neimhe.”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 26