Tiomna Nua

Matha 26:41-60 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

41. Fairigí agus guígí nach gcuirfear cathú oraibh; mar dá mhéid í dea-thoil an anama, bíonn an cholainn lag.”

42. D'imigh sé arís an dara huair agus rinne sé urnaí, “A Athair liom, mura bhféadtar seo a chur thart gan mé á ól, do thoil go raibh déanta.”

43. Agus tháinig sé arís go bhfuair ina gcodladh iad, mar ba mharbh a súile leis an gcodladh.

44. D'fhág sé mar sin iad gur imigh arís go ndearna urnaí an tríú huair, agus na focail chéanna á rá aige.

45. D'fhill sé ar na deisceabail ansin agus ar seisean leo, “An bhfuil sibh in bhur gcodladh go fóill ag glacadh bhur scíste? Féachaigí, tá an t‑am buailte linn, agus tugadh go fealltach Mac an duine i lámha na bpeacach.

46. Éirígí agus imímis; féachaigí, seo chugainn an té a rinne an feall orm.”

47. Ni raibh an focal as a bhéal, nuair a tháinig Iúdás, duine den dáréag, agus slua mór leis ó na hardsagairt agus ó sheanóirí an phobail agus claimhte agus bataí acu.

48. Anois bhí comhartha tugtha dóibh ag an bhfealltóir, agus é ráite aige, “An fear a dtabharfaidh mé póg dó, is é sin an duine atá uaibh; beirigí air.”

49. Agus ní dhearna sé aon mhoill ag teacht aníos chuig Íosa agus dúirt sé, “Fáilte romhat, a mháistir!” agus thug sé póg dó.

50. Agus dúirt Íosa leis, “A chara, cad é a thug anseo thú?” Tháinig siadsan aníos ansin gur leag siad a lámha ar Íosa agus gur ghabh siad é.

51. Agus b'shiúd duine de lucht leanúna Íosa a shín a lámh agus a tharraing a chlaíomh, agus a bhuail buille ar mhogh leis an ardsagart agus a bhain a leathchluas de.

52. Ansin dúirt Íosa leis, “Cuir do chlaíomh san áit is dual dó; mar níl duine dá dtéann i muinín an chlaíomh nach dtabharfaidh an claíomh a bhás.

53. An síleann sibh nach féidir liom a iarraidh ar m'Athairse, agus an síleann sibh nach gcuirfidh sé breis agus deich léigiún d'aingil chugam ar an toirt?

54. Ach dá ndéantaí amhlaidh, conas a chomhlíonfaí an scrioptúr a deir go gcaithfidh sé bheith mar seo?”

55. San uair chéanna arsa Íosa leis na sluaite, “Ar tháinig sibh amach do mo ghabháil agus claímhte agus bataí agaibh, ionann is dá mbeadh sibh ag teacht amach in éadan bithiúnaigh éigin? Bhí mé i mo shuí ó lá go chéile sa teampall agus mé ag teagasc, agus gan sibh mé a ghabháil.

56. Ach tharla seo uile ionas go gcomhlíonfaí scríbhinní na bhfáithe.” Ba ansin a thréig na deisceabail uile é agus a d'éalaigh siad leo.

57. An dream a ghabh Íosa, threoraigh siad ansin é chuig teach Chaiafas an t‑ardsagart, áit a raibh na scríobhaithe agus na seanóirí cruinnithe.

58. Ach lean Peadar é tamall uaidh, chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus chuaigh sé isteach gur shuigh faoi i gcuideachta na ngardaí go bhfeicfeadh sé an deireadh a bheadh air.

59. Anois bhí na hardsagairt agus an chomhairle uile ag iarraidh fíanaise bhréige a fháil in aghaidh Íosa ionas go gcuirfeadh siad chun báis é,

60. ach ní bhfuair siad aon fhíanaise ina éadan, cé gur tháinig mórán finnéithe bréige chun tosaigh. Sa deireadh tháinig beirt chun tosaigh

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 26