Tiomna Nua

Matha 26:29-46 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

29. Táim ag insint daoibh nach n‑ólfaidh mé an toradh seo na fíniúna arís go dtí go n‑ólfaidh mé nua é in bhur gcuideachta i ríocht m'Athar.”

30. Agus i ndiaidh iomann a chanadh, d'imigh siad leo go Cnoc na nOlóg.

31. Dúirt Íosa leo ansin, “Clisfidh sibh uile go léir orm anocht; mar tá sé scríofa, ‘Buailfidh mé buille ar an aoire, agus scaipfear caoirigh an tréada.’

32. Ach beifear do mo thógáil arís, agus ina dhiaidh sin imeoidh mé go Galailí romhaibh.”

33. Dhearbhaigh Peadar dó, “Má chliseann siad uile go léir ort, ní chlisfidh mise ort.”

34. Arsa Íosa leis, “Deirim i bhfírinne leat, an oíche seo féin, sula nglaonn an coileach, déanfaidh tú mé a shéanadh faoi thrí.”

35. Arsa Peadar leis, “Má tá ar mo chrann bás a fháil i do chuideachta, ní shéanfaidh mé thú.” Agus dúirt na deis­ceabail uile mar an gcéanna.

36. Chuaigh Íosa leo ansin go dtí áit ar tugadh Getsemaní uirthi, agus dúirt sé lena dheisceabail, “Suígí anseo, go dté mé anonn ansin agus go ndéana mé urnaí.”

37. Agus thug sé leis Peadar agus beirt mhac Shebidé, agus thosaigh tromualach bróin agus buartha ar thitim air.

38. Dúirt sé leo ansin, “Tá m'anam á chrá go mór le brón go bás; fanaigí anseo ag faire liom.”

39. Agus chuaigh sé ar aghaidh beagán gur thit ar a bhéal agus gur ghuigh sé, “A Athair liom, más féidir é, scaoil an cupán seo tharm; ach san am céanna ná bíodh sé mar is toil liomsa, ach mar is toil leatsa.”

40. Agus tháinig sé chuig na deisceabail go bhfuair ina gcodladh iad; agus dúirt sé le Peadar, “Nár fhéad tú mar sin faire aon uaire a dhéanamh liom?

41. Fairigí agus guígí nach gcuirfear cathú oraibh; mar dá mhéid í dea-thoil an anama, bíonn an cholainn lag.”

42. D'imigh sé arís an dara huair agus rinne sé urnaí, “A Athair liom, mura bhféadtar seo a chur thart gan mé á ól, do thoil go raibh déanta.”

43. Agus tháinig sé arís go bhfuair ina gcodladh iad, mar ba mharbh a súile leis an gcodladh.

44. D'fhág sé mar sin iad gur imigh arís go ndearna urnaí an tríú huair, agus na focail chéanna á rá aige.

45. D'fhill sé ar na deisceabail ansin agus ar seisean leo, “An bhfuil sibh in bhur gcodladh go fóill ag glacadh bhur scíste? Féachaigí, tá an t‑am buailte linn, agus tugadh go fealltach Mac an duine i lámha na bpeacach.

46. Éirígí agus imímis; féachaigí, seo chugainn an té a rinne an feall orm.”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 26