Tiomna Nua

Matha 26:2-13 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

2. “Tá a fhios agaibh go dtiocfaidh an cháisc dhá lá ina dhiaidh seo, agus go mbeidh Mac an duine le tabhairt suas chun a chéasta.”

3. Ba ansin a chruinnigh na hardsagairt agus seanóirí an phobail i bpálás an ardsagairt, darbh ainm Caiafas,

4. agus chuaigh siad i gcomhairle chun Íosa a ghabháil agus a mharú os íseal.

5. Ach dúirt siad, “Ná bíodh sin ann in am na féile ar eagla go n‑éirí gleo i measc na ndaoine.”

6. Anois nuair a bhí Íosa i mBétáin i dteach Shíomóin an lobhar,

7. tháinig an bhean aníos chuige agus searróg alabastair aici d'uinnimint chostasach, agus dhoirt sí ar a cheann í, agus é ina shuí chun boird.

8. Ach bhí fearg ar na deisceabail nuair a chonaic siad é agus dúirt siad, “Cad chuige seo a chur amú?

9. Mar d'fheadfaí an uinnimint seo a dhíol ar shuim mhór airgid, agus a roinnt ar na daoine bochta.”

10. Ní raibh sin ceilte ar Íosa, agus dúirt sé, “Cad chuige daoibh an bhean seo a chiapadh? Is álainn an gníomh atá déanta aici orm.

11. Mar bíonn na boicht agaibh i gcónaí, ach ní bheidh mise agaibh i gcónaí.

12. Ag doirteadh na huinniminte seo orm rinne sí réidh mo chorpsa chun a adhlactha.

13. I bhfírinne, insím daoibh nach mbeidh áit ar fud an domhain, ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo, nach mbeidh an ní a rinne sí á insint lena cuimhne a choinneáil beo.”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 26