Tiomna Nua

Matha 26:18-26 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

18. Ar seisean, “Gabhaigí isteach sa chathair chun a leithéid seo de dhuine agus abraigí leis, ‘Is é a deir an tOide, tá m'amsa i bhfogas; beidh mise agus mo dheisceabail ag comóradh na cásca i do theachsa.’”

19. Agus rinne na deisceabail mar a thaispeáin Íosa dóibh, agus rinne siad réidh don cháisc.

20. Nuair a bhí sé ina thráthnóna, shuigh sé chun boird é féin agus an dáréag deisceabal.

21. Agus nuair a bhí siad ag ithe, dúirt sé leo, “Is fírinneach a deirim libh, go bhfeallfaidh duine agaibh ormsa.”

22. Agus chuir sin brón ar a gcroíthe agus thosaigh siad ar a rá leis ina nduine agus ina nduine, “An mise é, a Thiarna?”

23. D'fhreagair sé, “An duine a thom a lámh in aon mhias liom, is é a fheallfas orm.

24. Siúlfaidh Mac an duine mar atá scríofa faoi, ach is mairg a fheallfas ar Mhac an duine! B'fhearr don duine úd gan teacht ar an saol riamh.”

25. Dúirt Iúdás, an té a rinne an feall air, leis, “An mise é, a mháistir?” Ar seisean leis, “Is tú a dúirt é.”

26. Anois nuair a bhí siad ag ithe, ghlac Íosa arán, agus bheannaigh agus bhris sé é, agus thug sé do na deisceabail é, agus dúirt sé, “Glacaigí, ithigí, is é seo mo chorp.”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 26