Tiomna Nua

Matha 26:17-33 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

17. Anois an chéad lá de laethanta an aráin gan laibhín tháinig na deisceabail chuig Íosa, á fhiafraí de, “Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh orainn bheith ag déanamh réidh ionas go n‑ithe tú an cháisc?”

18. Ar seisean, “Gabhaigí isteach sa chathair chun a leithéid seo de dhuine agus abraigí leis, ‘Is é a deir an tOide, tá m'amsa i bhfogas; beidh mise agus mo dheisceabail ag comóradh na cásca i do theachsa.’”

19. Agus rinne na deisceabail mar a thaispeáin Íosa dóibh, agus rinne siad réidh don cháisc.

20. Nuair a bhí sé ina thráthnóna, shuigh sé chun boird é féin agus an dáréag deisceabal.

21. Agus nuair a bhí siad ag ithe, dúirt sé leo, “Is fírinneach a deirim libh, go bhfeallfaidh duine agaibh ormsa.”

22. Agus chuir sin brón ar a gcroíthe agus thosaigh siad ar a rá leis ina nduine agus ina nduine, “An mise é, a Thiarna?”

23. D'fhreagair sé, “An duine a thom a lámh in aon mhias liom, is é a fheallfas orm.

24. Siúlfaidh Mac an duine mar atá scríofa faoi, ach is mairg a fheallfas ar Mhac an duine! B'fhearr don duine úd gan teacht ar an saol riamh.”

25. Dúirt Iúdás, an té a rinne an feall air, leis, “An mise é, a mháistir?” Ar seisean leis, “Is tú a dúirt é.”

26. Anois nuair a bhí siad ag ithe, ghlac Íosa arán, agus bheannaigh agus bhris sé é, agus thug sé do na deisceabail é, agus dúirt sé, “Glacaigí, ithigí, is é seo mo chorp.”

27. Agus ghlac sé an cupán, agus d'altaigh sé é agus thug dóibh é, á rá, “Ólaigí uile as;

28. mar is í sin m'fhuil, fuil an nuachúnaint, a dhoirtear mar gheall ar mhórán le haghaidh mhaithiúnas na bpeacaí.

29. Táim ag insint daoibh nach n‑ólfaidh mé an toradh seo na fíniúna arís go dtí go n‑ólfaidh mé nua é in bhur gcuideachta i ríocht m'Athar.”

30. Agus i ndiaidh iomann a chanadh, d'imigh siad leo go Cnoc na nOlóg.

31. Dúirt Íosa leo ansin, “Clisfidh sibh uile go léir orm anocht; mar tá sé scríofa, ‘Buailfidh mé buille ar an aoire, agus scaipfear caoirigh an tréada.’

32. Ach beifear do mo thógáil arís, agus ina dhiaidh sin imeoidh mé go Galailí romhaibh.”

33. Dhearbhaigh Peadar dó, “Má chliseann siad uile go léir ort, ní chlisfidh mise ort.”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 26