Tiomna Nua

Matha 26:16-27 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

16. Agus ón bpointe úd amach bhí sé ag faire na faille le fealladh air.

17. Anois an chéad lá de laethanta an aráin gan laibhín tháinig na deisceabail chuig Íosa, á fhiafraí de, “Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh orainn bheith ag déanamh réidh ionas go n‑ithe tú an cháisc?”

18. Ar seisean, “Gabhaigí isteach sa chathair chun a leithéid seo de dhuine agus abraigí leis, ‘Is é a deir an tOide, tá m'amsa i bhfogas; beidh mise agus mo dheisceabail ag comóradh na cásca i do theachsa.’”

19. Agus rinne na deisceabail mar a thaispeáin Íosa dóibh, agus rinne siad réidh don cháisc.

20. Nuair a bhí sé ina thráthnóna, shuigh sé chun boird é féin agus an dáréag deisceabal.

21. Agus nuair a bhí siad ag ithe, dúirt sé leo, “Is fírinneach a deirim libh, go bhfeallfaidh duine agaibh ormsa.”

22. Agus chuir sin brón ar a gcroíthe agus thosaigh siad ar a rá leis ina nduine agus ina nduine, “An mise é, a Thiarna?”

23. D'fhreagair sé, “An duine a thom a lámh in aon mhias liom, is é a fheallfas orm.

24. Siúlfaidh Mac an duine mar atá scríofa faoi, ach is mairg a fheallfas ar Mhac an duine! B'fhearr don duine úd gan teacht ar an saol riamh.”

25. Dúirt Iúdás, an té a rinne an feall air, leis, “An mise é, a mháistir?” Ar seisean leis, “Is tú a dúirt é.”

26. Anois nuair a bhí siad ag ithe, ghlac Íosa arán, agus bheannaigh agus bhris sé é, agus thug sé do na deisceabail é, agus dúirt sé, “Glacaigí, ithigí, is é seo mo chorp.”

27. Agus ghlac sé an cupán, agus d'altaigh sé é agus thug dóibh é, á rá, “Ólaigí uile as;

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 26