Tiomna Nua

Matha 26:1-20 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Nuair a bhí na ráite seo uile críochnaithe ag Íosa, dúirt sé lena dheisceabail,

2. “Tá a fhios agaibh go dtiocfaidh an cháisc dhá lá ina dhiaidh seo, agus go mbeidh Mac an duine le tabhairt suas chun a chéasta.”

3. Ba ansin a chruinnigh na hardsagairt agus seanóirí an phobail i bpálás an ardsagairt, darbh ainm Caiafas,

4. agus chuaigh siad i gcomhairle chun Íosa a ghabháil agus a mharú os íseal.

5. Ach dúirt siad, “Ná bíodh sin ann in am na féile ar eagla go n‑éirí gleo i measc na ndaoine.”

6. Anois nuair a bhí Íosa i mBétáin i dteach Shíomóin an lobhar,

7. tháinig an bhean aníos chuige agus searróg alabastair aici d'uinnimint chostasach, agus dhoirt sí ar a cheann í, agus é ina shuí chun boird.

8. Ach bhí fearg ar na deisceabail nuair a chonaic siad é agus dúirt siad, “Cad chuige seo a chur amú?

9. Mar d'fheadfaí an uinnimint seo a dhíol ar shuim mhór airgid, agus a roinnt ar na daoine bochta.”

10. Ní raibh sin ceilte ar Íosa, agus dúirt sé, “Cad chuige daoibh an bhean seo a chiapadh? Is álainn an gníomh atá déanta aici orm.

11. Mar bíonn na boicht agaibh i gcónaí, ach ní bheidh mise agaibh i gcónaí.

12. Ag doirteadh na huinniminte seo orm rinne sí réidh mo chorpsa chun a adhlactha.

13. I bhfírinne, insím daoibh nach mbeidh áit ar fud an domhain, ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo, nach mbeidh an ní a rinne sí á insint lena cuimhne a choinneáil beo.”

14. Chuaigh duine ansin den dáréag, a raibh Iúdás Iscariót mar ainm air, chuig na hardsagairt

15. go ndúirt leo, “Cad é sin a thabharfas sibh dom má chuirim idir bhur lámha é?” Agus d'íoc siad tríocha bonn d'airgead geal leis.

16. Agus ón bpointe úd amach bhí sé ag faire na faille le fealladh air.

17. Anois an chéad lá de laethanta an aráin gan laibhín tháinig na deisceabail chuig Íosa, á fhiafraí de, “Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh orainn bheith ag déanamh réidh ionas go n‑ithe tú an cháisc?”

18. Ar seisean, “Gabhaigí isteach sa chathair chun a leithéid seo de dhuine agus abraigí leis, ‘Is é a deir an tOide, tá m'amsa i bhfogas; beidh mise agus mo dheisceabail ag comóradh na cásca i do theachsa.’”

19. Agus rinne na deisceabail mar a thaispeáin Íosa dóibh, agus rinne siad réidh don cháisc.

20. Nuair a bhí sé ina thráthnóna, shuigh sé chun boird é féin agus an dáréag deisceabal.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 26