Tiomna Nua

Matha 24:28-39 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

28. Cibé áit a mbíonn an conablach, is ann a chruinneos na hiolair.

29. “Go díreach i ndiaidh na laethanta úd na buartha tiocfaidh smúid ar an ngrian, agus ní bheidh solas á thabhairt ag an ngealach, agus titfidh na réaltaí den spéir, agus bainfear creathadh as cumhachtaí neimhe;

30. is ansin a nochtfaidh ar neamh comhartha Mhac an duine, agus beidh ciníocha na cruinne ag mairgneach, agus feicfidh siad Mac an duine ag teacht i néalta neimhe le cumhacht agus le mórghlóir;

31. agus cuirfidh sé amach uaidh a aingil le hardseinm stoic, agus cruinneoidh siad an dream atá tofa aige ó cheithre aird na gaoithe, ó cheann ceann na spéire.

32. “Foghlaimígí a cheacht ón gcrann fige: chomh luath agus a fhásas a chraobh bhog mhaoth agus a chuireas sé a dhuilliúr as, aithníonn sibh nach fada uaibh an samhradh.

33. Mar an gcéanna, nuair a fheicfeas sibh na nithe seo uile, aithneoidh sibh go bhfuil sé ag teacht i bhfogas, agus sna geataí féin.

34. Deirim go fírinneach libh, nach rachaidh an ghlúin seo as go dtarlóidh seo uile.

35. Rachaidh neamh agus talamh as, ach ní rachaidh mo bhriathrasa as.

36. “Ach níl a fhios ag aon neach i dtaobh an lae úd ná i dtaobh na huaire úd, níl a fhios ag aingil na bhflaitheas féin, ná ag an Mac, ach ag an Athair amháin.

37. Mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh a bheidh teacht Mhac an duine.

38. Mar sna laethanta úd roimh an díle bhítí ag ithe agus ag ól, ag déanamh cleamhnas agus ag pósadh, go dtí an lá úd a ndeachaigh Naoi isteach san Áirc,

39. agus ní raibh fhios acu go dtí gur tháinig an díle agus gur chart sí ar shiúl iad, is amhlaidh a bheidh nuair a thiocfas Mac an duine.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 24