Tiomna Nua

Matha 23:16-24 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

16. “Is mairg daoibh, a threoraithe na daille, a deir, ‘Má thugann duine móid ar an teampall, níl aon ní ráite aige; ach má thugann duine móid ar ór an teampaill, tá sé faoi cheangal a mhóide.

17. A amadána na daille! Cé acu is mó, an t‑ór nó an teampall a naomhaigh an t‑ór?

18. Agus is é a deir sibh, ‘Má thugann duine móid ar an altóir, níl aon ní ráite aige; ach má thugann aon duine móid ar an tabhartas atá ar an altóir, tá sé faoi cheangal a mhóide’.

19. A lucht na daille! Cé acu is mó, an tabhartas nó an altóir a naomhaíos an tabhartas sin?

20. Mar sin an té a thugas an altóir mar mhóid tugann sé í agus a bhfuil uirthi;

21. agus an té a thugas móid ar an teampall, tugann sé é agus an té a chónaíos ann mar mhóid;

22. agus an té a thugas móid ar neamh, tugann sé cathaoir Dé agus an té atá ina shuí uirthi mar mhóid.

23. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar tugann sibh deachú den mhismín agus den lus mín agus den chuimin, agus tá neamart déanta agaibh sna nithe ar mhó a dtábhacht sa dlí, den chóir agus den trócaire agus den fhírinne; arbh é bhur gceart iad a chur i ngníomh, gan neamart a dhéanamh sa chuid eile.

24. A threoraithe na daille, a scagann amach an mhíoltóg agus a alpas síos an camall!

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 23