Tiomna Nua

Matha 21:24-37 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

24. D'fhreagair Íosa iad, “Cuirfidh mise aon cheist amháin oraibh freisin; agus má thugann sibh an freagra dom, inseoidh mise daoibh freisin cad é an t‑údarás atá agam agus mé ag déanamh na nithe seo.

25. Baiste Eoin, cárb as dó? Cé acu ó neamh nó ó dhaoine?” Agus rinne siad díospóireacht le chéile, “Má deirimid, ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé linn, ‘Cad chuige mar sin nár chreid sibh é?’

26. Ach má deirimid, ‘Ó dhaoine’, tá eagla orainn roimh an slua; mar glacann siad leis mar fhírinne gur fáidh a bhí in Eoin.”

27. Mar sin de thug siad mar fhreagra ar Íosa, “Níl a fhios againn.” Agus dúirt sé leo, “Ní inseoidh mise daoibh ach oiread cad é an t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.

28. “Cad é bhur mbarúil? Bhí fear ann a raibh beirt mhac aige; agus chuaigh sé chuig an gcéad duine acu agus dúirt sé, ‘A mhic, siúil leat agus oibrigh san fhíonghort inniu.’

29. Agus d'fhreagair sé, ‘Ní dhéanfaidh’; ach bhí aithreachas air ina dhiaidh agus chuaigh sé ann.

30. Agus chuaigh sé chuig an dara mac agus dúirt sé an rud céanna leis-sean; agus d'fhreagair sé, ‘Rachaidh, a dhuine uasail,’ ach ní dheachaigh sé.

31. Cé acu den bheirt a chuir toil a athar i ngníomh?” “An chéad duine acu,” d'fhreagair siad. Arsa Íosa leo, “Deirim go fírinneach libh, go rachaidh na bailitheoirí cánacha agus na striapacha isteach go ríocht Dé sula dté sibhse isteach.

32. Mar tháinig Eoin chugaibh slí na firéantachta, agus níor chreid sibh é, ach chreid na bailitheoirí cánacha agus na striapacha é; agus go fiú nuair a bhí sin feicthe agaibh, ní dhearna sibh aithreachas agus níor chreid sibh é ina dhiaidh sin féin.”

33. “Éistigí le fáithscéal eile. Bhí ceann tí ann a phlandaigh fíonghort agus a chuir fál ina thimpeall, agus a thochail cantaoir fhíona, agus a thóg túr, agus a lig ar chíos do thionóntaí é, agus a thug tír eile air féin.

34. Nuair a bhí séasúr an toraidh ag teacht, chuir sé uaidh a sheirbhísigh chuig na tionóntaí, lena chuid torthaí a fháil;

35. agus rug na tionóntaí ar a sheirbhísigh, agus bhuail siad duine acu, agus mharaigh siad an dara duine, agus d'imir siad bás ar dhuine eile acu le clocha.

36. Chuir sé seirbhísigh eile uaidh arís, níos mó ná an chéad uair, agus rinne siad mar an gcéanna leo.

37. Chuir sé a mhac chucu ina dhiaidh sin, á rá, ‘Beidh meas acu ar mo mhac.’

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 21