Tiomna Nua

Matha 2:9-20 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

9. D'imigh siad leo i ndiaidh sin a chluinstin ón rí; agus b'shiúd an réalta a chonaic siad sa Domhan Thoir ag imeacht rompu, gur sheas sí os cionn na háite a raibh an leanbh.

10. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí lúcháir agus lánáthas orthu;

11. agus chuaigh siad isteach sa teach go bhfaca an leanbh agus Muire a mháthair, agus thit siad síos roimhe á adhradh. D'oscail siad a gcistí ansin, gur thug siad bronntanais dó, ór agus túis agus miorr.

12. Fuair siad rabhadh i mbrionglóid gan filleadh ar Iorua, agus mar sin d'imigh siad leo chun a dtíre féin ar shlí eile.

13. Nuair a bhí siadsan ar shiúl, b'shiúd aingeal ón Tiarna á thaispeáint féin do Iósaf i mbrionglóid agus á rá leis, “Éirigh, agus beir an leanbh agus a mháthair leat, agus éalaigh go dtí an Éigipt, agus fan ansin nó go gcuire mé scéala chugat; mar tá Iorua ar tí dul ar thóir an linbh lena scriosadh.”

14. Agus d'éirigh sé agus rug an leanbh agus a mháthair leis san oíche, gur thug an Éigipt air féin,

15. agus gur fhan ansin go bhfuair Iorua bás. Tharla sin leis an méid a labhair an Tiarna ó bhéal an fháidh a chomhlíonadh, “Ghlaoigh mé ar mo mhac a theacht aniar as an Éigipt.”

16. Nuair a chonaic Iorua an cleas a d'imir na draoithe air, bhí sé ar buile, agus chuir sé fir uaidh agus mharaigh sé gach páiste fir a bhí i mBétlehem agus sa cheantar ina thimpeall agus a bhí faoi dhá bhliain d'aois, de réir an ama a d'fhionn sé ó na draoithe.

17. Is ansin a comhlíonadh an briathar a labhraíodh ó bhéal an fháidh Ierimía:

18. “Chualathas an glór i Ráma,ag mairgneach agus ag caoineadh go hard,Rachél ag caoineadh a clainne;agus ag diúltú don sólás,ó nach bhfuil siad ann.”

19. Ach nuair a fuair Iorua bás, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaf san Éigipt,

20. agus dúirt sé leis, “Éirigh, agus beir leat an leanbh agus a mháthair, agus imigh go tír Iosrael, mar is marbh iad na daoine úd a bhí ag iarraidh an leanbh a chur chun báis.”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 2