Tiomna Nua

Matha 2:9-16 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

9. D'imigh siad leo i ndiaidh sin a chluinstin ón rí; agus b'shiúd an réalta a chonaic siad sa Domhan Thoir ag imeacht rompu, gur sheas sí os cionn na háite a raibh an leanbh.

10. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí lúcháir agus lánáthas orthu;

11. agus chuaigh siad isteach sa teach go bhfaca an leanbh agus Muire a mháthair, agus thit siad síos roimhe á adhradh. D'oscail siad a gcistí ansin, gur thug siad bronntanais dó, ór agus túis agus miorr.

12. Fuair siad rabhadh i mbrionglóid gan filleadh ar Iorua, agus mar sin d'imigh siad leo chun a dtíre féin ar shlí eile.

13. Nuair a bhí siadsan ar shiúl, b'shiúd aingeal ón Tiarna á thaispeáint féin do Iósaf i mbrionglóid agus á rá leis, “Éirigh, agus beir an leanbh agus a mháthair leat, agus éalaigh go dtí an Éigipt, agus fan ansin nó go gcuire mé scéala chugat; mar tá Iorua ar tí dul ar thóir an linbh lena scriosadh.”

14. Agus d'éirigh sé agus rug an leanbh agus a mháthair leis san oíche, gur thug an Éigipt air féin,

15. agus gur fhan ansin go bhfuair Iorua bás. Tharla sin leis an méid a labhair an Tiarna ó bhéal an fháidh a chomhlíonadh, “Ghlaoigh mé ar mo mhac a theacht aniar as an Éigipt.”

16. Nuair a chonaic Iorua an cleas a d'imir na draoithe air, bhí sé ar buile, agus chuir sé fir uaidh agus mharaigh sé gach páiste fir a bhí i mBétlehem agus sa cheantar ina thimpeall agus a bhí faoi dhá bhliain d'aois, de réir an ama a d'fhionn sé ó na draoithe.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 2