Tiomna Nua

Matha 2:1-13 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Anois nuair a tháinig Íosa ar an saol i mBétlehem in Iúdaea i laethanta an rí Iorua, b'shiúd draoithe ón Domhan Thoir a tháinig go hIarúsailéim agus iad ag fiafraí,

2. “Cá bhfuil an rí seo na nGiúdach atá tar éis teacht ar an saol? Mar táimid i ndiaidh a réalta a fheiceáil sa Domhan Thoir agus a theacht anseo lena adradh.”

3. Nuair a chuala an rí Iorua sin, bhí coscairt intinne air féin, agus ar mhuintir Iarúsailéim uile maraon leis;

4. agus chruinnigh sé a raibh ann d'ardsagairt agus de scríobhaithe sa phobal, gur fhiafraigh díobh cá háit a raibh an Críost le teacht ar an saol.

5. Ba é rud a d'inis siad dó, “I mBétlehem Iúdaea; mar is mar seo atá scríofa ag an bhfáidh:

6. ‘Agus tusa, a Bhétlehem, i dtír Iúda,ní tú is lú ar cheannfoirt Iúda;mar is asat a thiocfas an rialtóira rialós mo phobalsa Iosrael.’”

7. Chuir Iorua ansin fios ar na draoithe os íseal gur fhionnaigh uathu cá huair a chonacthas an réalta;

8. agus chuir uaidh go Bétlehem iad, agus dúirt leo, “Cuirigí tuairisc an linbh go dícheallach, agus nuair a gheobhas sibh é, cuirigí scéal chugamsa, go dtaga mé féin á adhradh freisin.”

9. D'imigh siad leo i ndiaidh sin a chluinstin ón rí; agus b'shiúd an réalta a chonaic siad sa Domhan Thoir ag imeacht rompu, gur sheas sí os cionn na háite a raibh an leanbh.

10. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí lúcháir agus lánáthas orthu;

11. agus chuaigh siad isteach sa teach go bhfaca an leanbh agus Muire a mháthair, agus thit siad síos roimhe á adhradh. D'oscail siad a gcistí ansin, gur thug siad bronntanais dó, ór agus túis agus miorr.

12. Fuair siad rabhadh i mbrionglóid gan filleadh ar Iorua, agus mar sin d'imigh siad leo chun a dtíre féin ar shlí eile.

13. Nuair a bhí siadsan ar shiúl, b'shiúd aingeal ón Tiarna á thaispeáint féin do Iósaf i mbrionglóid agus á rá leis, “Éirigh, agus beir an leanbh agus a mháthair leat, agus éalaigh go dtí an Éigipt, agus fan ansin nó go gcuire mé scéala chugat; mar tá Iorua ar tí dul ar thóir an linbh lena scriosadh.”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 2