Tiomna Nua

Matha 19:1-15 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Anois nuair a chríochnaigh Íosa na ráite sin, d'imigh sé ó Ghalailí go ndeachaigh sa réigiún de Iúdaea atá taobh thall den Iornán;

2. agus lean sluaite móra é, agus leigheas sé ansin iad.

3. Agus tháinig Fairiséigh aníos chuige gur chuir féachaint air ag fiafraí de, “An dleathach do dhuine a bhean a chur uaidh ar gach uile chúis?”

4. Ba é a fhreagra, “An é nach bhfuil léite agaibh gur chruthaigh an Cruthaitheoir fireann agus baineann iad i dtús an tsaoil,

5. agus go ndúirt, ‘Dá bhrí sin tréigfidh fear a athair agus a mháthair agus cloífidh sé lena bhean, agus déanfar aon den dís’?

6. Ní dís iad mar sin ach aon. Ná cuireadh an duine ó chéile ar chuir Dia le chéile.”

7. D'fhiafraigh siad de, “Cad chuige mar sin a d'ordaigh Maois do dhuine teastas dealaithe a thabhairt uaidh, agus í a chur uaidh mar sin?”

8. Ar seisean leo, “Is as cruas bhur gcroíthe a lig Maois daoibh bhur mbanchéilí a chur uaibh, ach ní hamhlaidh a bhí ó thús.

9. Agus deirimse libh: Cibé fear a dhealaíos óna bhean, ach mar gheall ar mhí-gheanmnaíocht amháin, agus a phósas bean eile, bíonn sé ag déanamh adhaltranais.”

10. Dúirt na deisceabail leis, “Más amhlaidh an scéal d'fhear agus dá bhanchéile, is fearr gan phósadh.”

11. Ach dúirt sé leo, “Ní féidir leis na fir uile glacadh leis an gcomhairle seo, ach amháin an méid a mbronntar orthu é.

12. Mar tá coillteáin ann a bhí amhlaidh ó bhroinn, agus tá coillteáin ann a ndearna na daoine iad, agus tá coillteáin ann a rinne coillteáin díobh féin de gheall ar ríocht neimhe. An té ar féidir leis glacadh leis seo, glacadh sé leis.”

13. Tugadh leanaí chuige ansin ionas go leagfadh sé a lámha orthu, agus go ndéanfadh sé guí. Chros na deisceabail ar na daoine sin a dhéanamh;

14. ach is é a dúirt Íosa, “Ligigí do na leanaí teacht chugam, agus ná cuirigí cosc leo; mar is lena leithéidí ríocht neimhe.”

15. Agus leag sé a lámha orthu, agus d'imigh sé as sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 19