Tiomna Nua

Matha 17:6-23 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

6. Nuair a chuala na deisceabail sin, shléacht siad béal fúthu ar talamh, agus líonadh d'uafás iad.

7. Ach tháinig Íosa gur leag a lámh orthu agus dúirt sé leo, “Éirígí, agus ná bíodh eagla oraibh.”

8. Agus nuair a d'fhéach siad aníos ní fhaca siad aon duine ach Íosa amháin.

9. Nuair a bhí siad ag teacht anuas an sliabh, d'ordaigh Íosa dóibh, á rá, “Ná hinsígí faoin aisling do dhuine ar bith, go dtí go dtógtar Mac an duine ó mhairbh.”

10. Agus d'fhiaf­raigh na deisceabail de, “Más amhlaidh, cad chuige a ndeir na scríobhaithe go gcaithfidh Elía teacht an chéad uair?”

11. Ba é a fhreagra, “Tagann Elía ar ndóigh, agus is é atá le gach uile ní a athchóiriú;

12. ach táim ag insint daoibh go bhfuil Elía i ndiaidh teacht cheana féin, agus níorbh aithnid dóibh é, ach rinne siad a rogha rud leis. Is iad a lámha a imreoidh an bhail chéanna ar Mhac an duine freisin.”

13. Ba ansin a thuig na deisceabail gur ag caint ar Eoin Baiste a bhí sé.

14. Nuair a shroich siad an slua, tháinig an fear aníos chuige go ndeachaigh ar a ghlúine roimhe go ndúirt,

15. “A Thiarna, bíodh trócaire agat ar mo mhac, mar bíonn an titimeas ag cur pianta troma air; mar is minic dó titim sa tine nó san uisce.

16. Agus thug mé chuig do dheisceabail é, ach níor fhéad siad a leigheas.”

17. Agus d'fhreagair Íosa, “A ghlúin chlaon an díchreidimh, cá fhad a bheidh mé agaibh? Cá fhad a chuirfidh mé suas libh? Tabhair anseo chugam é.”

18. Agus bhagair Íosa air, agus tháinig an deamhan amach as, agus leigheasadh an gasúr ón móimint úd.

19. Tháinig na deisceabail chuig Íosa os íseal agus d'fhiafraigh siad de, “Cad chuige nár fhéadamar é a chaitheamh amach?”

20. Ar seisean leo, “As siocair bhur ndíchreidimh. Mar deirim go fírinneach libh, má bhíonn oiread gráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, déarfaidh sibh leis an sliabh seo, ‘Bog anonn as seo,’ agus bogfaidh sé; agus níl ní nach mbeidh indéanta agaibh.”

22. Nuair a bhí siad i gcuideachta a chéile i nGalailí, dúirt Íosa leo, “Beidh Mac an duine á bhrath i lámha na ndaoine,

23. agus cuirfidh siad chun báis é, agus tógfar an tríú lá é.” Agus chuir sin dobrón mór orthu.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 17