Tiomna Nua

Matha 17:11-27 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

11. Ba é a fhreagra, “Tagann Elía ar ndóigh, agus is é atá le gach uile ní a athchóiriú;

12. ach táim ag insint daoibh go bhfuil Elía i ndiaidh teacht cheana féin, agus níorbh aithnid dóibh é, ach rinne siad a rogha rud leis. Is iad a lámha a imreoidh an bhail chéanna ar Mhac an duine freisin.”

13. Ba ansin a thuig na deisceabail gur ag caint ar Eoin Baiste a bhí sé.

14. Nuair a shroich siad an slua, tháinig an fear aníos chuige go ndeachaigh ar a ghlúine roimhe go ndúirt,

15. “A Thiarna, bíodh trócaire agat ar mo mhac, mar bíonn an titimeas ag cur pianta troma air; mar is minic dó titim sa tine nó san uisce.

16. Agus thug mé chuig do dheisceabail é, ach níor fhéad siad a leigheas.”

17. Agus d'fhreagair Íosa, “A ghlúin chlaon an díchreidimh, cá fhad a bheidh mé agaibh? Cá fhad a chuirfidh mé suas libh? Tabhair anseo chugam é.”

18. Agus bhagair Íosa air, agus tháinig an deamhan amach as, agus leigheasadh an gasúr ón móimint úd.

19. Tháinig na deisceabail chuig Íosa os íseal agus d'fhiafraigh siad de, “Cad chuige nár fhéadamar é a chaitheamh amach?”

20. Ar seisean leo, “As siocair bhur ndíchreidimh. Mar deirim go fírinneach libh, má bhíonn oiread gráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, déarfaidh sibh leis an sliabh seo, ‘Bog anonn as seo,’ agus bogfaidh sé; agus níl ní nach mbeidh indéanta agaibh.”

22. Nuair a bhí siad i gcuideachta a chéile i nGalailí, dúirt Íosa leo, “Beidh Mac an duine á bhrath i lámha na ndaoine,

23. agus cuirfidh siad chun báis é, agus tógfar an tríú lá é.” Agus chuir sin dobrón mór orthu.

24. Nuair a tháinig siad go Caparnáum, chuaigh lucht bailithe cíos an leith-shecel chuig Peadar agus dúirt siad leis, “Nach n‑íocann bhur nOide an cíos?”

25. “Íocann,” ar seisean. Agus nuair a tháinig sé abhaile bhí an tús ag Íosa air ag labhairt leis faoi, mar dúirt sé leis, “Cad é do mheas, a Shíomóin? Cé hiad siúd a mbaineann ríthe an talaimh cíos nó cáin astu? As a gclann féin nó as coimhthígh?”

26. Agus nuair a dúirt sé, “As coimhthígh,” dúirt Íosa leis, “Bíonn an chlann saor air mar sin.

27. Ach leisce ábhar scannail a thabhairt dóibh, gabh chun na farraige agus caith amach duán, agus tóg an chéad iasc dá dtagann aníos, agus nuair a osclaíonn tú a bhéal gheobhaidh tú secel ann; glac é agus tabhair uait é ar son na beirte againn.”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 17