Tiomna Nua

Matha 16:17-28 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

17. Agus d'fhreagair Íosa é, “Is beannaithe tú, a Shíomóin Bar-Ióna! Mar ní fuil is feoil a nocht sin duit, ach m'Athair atá ar neamh.

18. Agus insím duit é, is tú Peadar, agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mise m'eaglais-se, agus ní bhuafaidh cumhachtaí an bháis uirthi.

19. Tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas, agus cibé ní a cheanglaíos tú ar talamh ceanglófar ar neamh é, agus cibé ní a scaoileas tú ar talamh scaoilfear ar neamh é.”

20. Bhagair sé go dian ansin ar na deisceabail gan a insint do dhuine ar bith gurbh é an Críost é.

21. Ón am sin amach thosaigh Íosa ar a nochtadh dá dheisceabail go gcaithfeadh sé dul go hlarúsailéim agus a liacht a bhí le fulaingt aige ó na seanóirí agus na hardsagairt agus na scríobhaithe, agus bheith á chur chun báis, agus bheith á thógáil an tríú lá.

22. Agus ghlac Peadar é agus thosaigh sé ar chur ina choinne, á rá leis, “Ná habair sin, a Thiarna! Ní éireoidh sin duit choíche.”

23. Agus is é rud, thiontaigh sé thart timpeall agus ar seisean le Peadar, “Gabh ar gcúl uaim, a Shátain! Tá tú i do dhris chosáin dom; mar ní thaobhaíonn tú le Dia, ach le daoine.”

24. Ba ansin a dúirt Íosa lena dheisceabail, “Más toil le haon duine teacht i mo dhiaidh, diúltaíodh sé dó féin agus tógadh sé a chrois air agus leanadh sé mé.

25. Mar an té ar mhian leis a bheo a shábháil, caillfidh sé é, agus an té a chaillfeas a bheo mar mhaithe liom gheobhaidh sé é.

26. Mar cad é an tairbhe do dhuine, an domhan uile a ghnóthú agus a bheo féin a chailleadh leis? Nó cad í an iocaíocht a thabharfaidh duine uaidh lena bheo féin a fháil ar ais?

27. Mar tá Mac an duine le teacht i nglóir a Athar, é féin agus a aingil, agus san uair úd cúiteoidh sé le gach duine a bhfuil déanta aige.

28. Deirim libh go fírinneach, tá siad ina seasamh anseo nach mblaisfidh an bás go bhfeice siad Mac an duine ag teacht i réim a ríochta.”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 16