Tiomna Nua

Matha 16:1-5 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Tháinig na Fairiséigh agus na Saducéigh, agus ó bhí fonn orthu féachaint a chur air, d'iarr siad air comhar­tha ó neamh a thaispeáint dóibh.

2. Ba é a fhreagra orthu, “Nuair a bhíos an tráthnóna ann, is é a deir sibh, ‘Beidh an aimsir maith, mar tá an spéir dearg.’

3. Agus ar maidin, ‘Beidh sé doineanta inniu, mar tá spéartha dearga bagarthacha ann’. Bíonn míniú agaibh ar chruth na spéire, ach ní féidir libh comharthaí na haoise a mhíniú.

4. Tá an drochghlúin adhaltrach ag iarraidh comhartha, ach ní thabharfar aon chomhartha di ach comhartha Ióna.” Agus thug sé a chúl leo agus d'imigh leis.

5. Nuair a shroich na deisceabail an taobh thall, bhí dearmad déanta acu ar aon arán a thabhairt leo.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 16