Tiomna Nua

Matha 13:47-58 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

47. “Arís, is cosúil ríocht na bhflaitheas le líon a caitheadh amach san fharraige agus a rug ar an uile chineál éisc;

48. nuair a bhí sé líonta leo, tharraing na daoine amach ar an trá é agus shuigh siad gur phioc siad amach an méid a bhí maith gur chuir i soithigh iad, ach gur chaith siad uathu an méid a bhí olc.

49. Is amhlaidh a bheidh ag deireadh na haoise. Tiocfaidh na haingil a scaradh lucht an oilc as measc na bhfíréan,

50. agus caithfidh siad i bhfoirnéis na tine iad; an áit a mbeidh deora agus díoscán fiacal ann.

51. “Ar thuig sibh sin uile?” “Thuig,” ar siadsan leis.

52. Agus ar seisean leo, “Mar sin de, gach scríobhaí dá bhfuair foghlaim le haghaidh ríocht na bhflaitheas, is cosúil é le fear cinn teaghlaigh a bhíos ag tabhairt amach sean agus nua as a bhfuil aige.”

53. Nuair a bhí críoch curtha ar na fáithscéalta seo ag Íosa, d'imigh sé as an áit úd,

54. agus tháinig sé go dtí a dhúiche féin gur theagasc dóibh ina sionagóg, ar chaoi a chuir iontas orthu, agus ar siadsan, Cá has a bhfuil an eagna seo agus na móroibreacha seo ag an duine seo?

55. Nach é seo mac an tsaor adhmaid? Nach Muire atá mar ainm ar a mháthair? Nach iad Séamas agus Iósaf agus Síomón agus Iúdás a dheartháireacha?

56. Agus nach mbíonn a dheirfiúracha uile linn anseo? Cá bhfuair an duine seo an méid seo uile?”

57. Agus ghlac siad scannal roimhe. Ach is é a dúirt Íosa leo, “Ní bhíonn fáidh gan onóir a bheith aige gach áit ach amháin ina dhúiche féin agus ina theach féin.”

58. Agus ní dhearna sé mórán móroibreacha ansin, as siocair a ndíchreidimhsean.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 13