Tiomna Nua

Matha 13:37-39 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

37. Ba é a fhreagra, “An té a chuireas an dea-shíol, is é Mac an duine é;

38. is é an cuibhreann an domhan, agus is é a chiallaíos an dea-shíol, clann mhac na ríochta; is é an cogal clann an áibhirseora,

39. is é an namhaid a chuir é an diabhal; is é an fómhar deireadh na haoise, agus is iad na buanaithe na haingil.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 13