20. I dtaca leis an síol a cuireadh sa talamh creagach, is é sin an té a chluineas an briathar agus a ghlacas leis go háthasach gan mhoill;
21. an té nach bhfuil aon fhréamh ann, agus nach maireann ach seal, mar nuair a éirionn aon chrá nó géarleanúint i dtaobh an bhriathair, glacann sé fuath dó gan mhoill.
22. I dtaca leis an síol a cuireadh i measc na ndriseog, is é sin an té a éisteas leis an mbriathar, ach go mbíonn imní an tsaoil agus cluain an tsaibhris ag tachtadh an bhriathair, sa chaoi nach mbíonn toradh air.
23. Ach i dtaca leis an síol a cuireadh i ndea-úir mhéith, is é sin an té a chluineas an briathar agus a thuigeann é; is é a thugann toradh uaidh, uaireanta faoi chéad, agus uaireanta faoi sheasca, agus uaireanta eile faoi thríocha.”
24. Chuir sé fáithscéal eile rompu, agus dúirt sé, “Féadtar ríocht na bhflaitheas a chur i gcosúlacht le fear a chuir dea-shíol ina chuibhreann;
25. ach nuair a bhí daoine ina gcodladh, tháinig an namhaid a chur cogail i measc na cruithneachta agus d'imigh sé leis.
26. Nuair a d'fhás an geamhar aníos agus a tháinig na diasa, nochtadh an cogal freisin.
27. Agus tháinig seirbhísigh fhear an tí chuige go ndúirt siad leis, ‘A dhuine uasail, nach é an dea-shíol a chuir tú i do chuibhreann? Conas atá an cogal ann?’
28. Ar seisean leo, ‘Is namhaid a rinne seo orm.’ D'fhiafraigh na seirbhísigh de ansin, ‘An toil leat sinne a dhul á bhailiú?’
29. Ach is é a dúirt sé, ‘Ná déanaigí sin; ar eagla go stróicfeadh sibh an chruithneacht as a fréamhacha agus sibh ag cruinniú an chogail.