Tiomna Nua

Matha 12:36-50 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

36. Táim á insint daoibh, go gcaithfidh na daoine, lá an bhreithiúnais, míniú a thabhairt ar gach briathar éadrom dá sciurdann orthu;

37. mar is as do bhriathra a thabharfar saorbhreith ort, agus is as do bhriathra a thabharfar daorbhreith ort.”

38. Ba ansin a dúirt cuid de na scríobhaithe agus de na Fairiséigh leis, “A Oide, ba é ba mhaith linn comhartha a fheiceáil uait.”

39. Ach is é an freagra a thug sé orthu, “Bíonn an ghlúin seo an oilc agus an adhaltranais ag iarraidh comhartha; ach ní thabharfar aon chomhartha di ach comhartha an fháidh Ióna.

40. Ó mar a bhí Ióna trí lá agus trí oiche i mbolg an mhíl mhóir, is amhlaidh a bheidh Mac an duine trí lá agus trí oiche i gcroí-lár an talaimh.

41. Éireoidh fir Ninebhe nuair a chuirfear breithiúnas ar an nglúin seo agus daorfaidh siad í; mar rinne siadsan aithrí le seanmóireacht Ióna, agus is mó ná Ióna an neach atá i láthair agaibh anseo.

42. Éireoidh banríon an domhain theas nuair a chuirfear breithiúnas ar an nglúin seo agus daorfaidh sí í; mar tháinig sí ón gceann ab fhaide den talamh a éisteacht le heagnaíocht Sholaimh, agus is mó ná Solamh an neach atá agaibh i láthair anseo.

43. “Nuair a bhíonn an sprid neamhghlan imithe as duine, siúlann sí na háiteanna gan uisce ag iarraidh suaimhnis, ach ní bhíonn an suaimhneas le fáil aici.

44. Is é a deir sí ansin, ‘Fillfidh mé ar mo theachsa ar tháinig mé amach as.’ Agus nuair a thagann sí, faigheann sí é agus é folamh, scuabtha, slachtmhar.

45. Imíonn sí léi ansin go nglacann chuici mór-sheisear sprid is measa arís ná í féin, agus téann siad isteach go ndéanann siad cónaí ann; agus is measaide críoch dheireanach an duine úd ná a thús. Is amhlaidh a bheidh leis an nglúin seo an oilc.”

46. Nuair a bhí sé go fóill ag rá na cainte sin leis na daoine, b'shiúd a mháthair agus a dheartháireacha ina seasamh taobh amuigh, agus iad ag iarraidh dul chun cainte leis.

48. Ach ar seisean leis an té a d'inis dó é, “Cé hí mo mháthair, agus cé hiad mo dheartháireacha?”

49. Agus shín sé a lámh amach uaidh i dtreo a dheisceabal, agus dúirt sé, “Seo iad mo mháthair agus mo dheartháireacha!

50. Mar cibé duine a bhíos ag déanamh toil m'Athar atá ar neamh, is deartháir, agus is deirfiúr, agus is máthair dom an duine sin.”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 12