32. Agus go maithfear cibé focal a labhrófar in aghaidh Mhac an duine; ach an té a labhraíos in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní mhaithfear dó é, san aois seo i láthair ná san aois atá le teacht.
33. “Seo nó siúd: déanaigí dea-chrann agus dea-thoradh air, nó drochchrann agus drochthoradh air; mar aithnítear an crann ar a thoradh.
34. A áil na nathracha nimhe! Conas a fhéadann sibh dea-rud a rá, nuair is olc sibh? Mar is as flúirse an chroí a labhraíos an béal.
35. Tugann an dea-dhuine an dea-rud as an dea-stór a bhíos aige, agus tugann an drochdhuine an drochrud as a dhrochstórsan.
36. Táim á insint daoibh, go gcaithfidh na daoine, lá an bhreithiúnais, míniú a thabhairt ar gach briathar éadrom dá sciurdann orthu;
37. mar is as do bhriathra a thabharfar saorbhreith ort, agus is as do bhriathra a thabharfar daorbhreith ort.”
38. Ba ansin a dúirt cuid de na scríobhaithe agus de na Fairiséigh leis, “A Oide, ba é ba mhaith linn comhartha a fheiceáil uait.”