23. Rinne na daoine uile iontas de, agus dúirt siad, “An féidir gurb é Mac Dháibhí é?”
24. Ach nuair a chuala na Fairiséigh é, dúirt siadsan, “Níl ann ach go ndíbríonn an duine seo deamhain trí Bheelsebúl, prionsa na ndeamhan.”
25. Ar seisean leo agus a dhea-fhios aige cad iad na smaointe a bhí ina n‑intinn, “Níl ríocht a dhealaítear ina héadan féin nach ndéantar fásach di, agus ní sheasóidh an chathair ná an teaghlach a dhealaítear ina éadan féin;
26. agus más rud é go mbíonn Sátan ag díbirt Shátain, tá sé dealaithe ina éadan féin; agus conas a sheasós a ríocht mar sin?
27. Agus más trí Bheelsebúl a dhíbrímse deamhain, cé hé sin a mbíonn bhur mic á ndíbirt tríd? Mar sin bíodh siadsan ina mbreithiúna oraibh.
28. Ach más trí Spiorad Dé a bhímse ag díbirt deamhan, níl amhras nár tháinig ríocht Dé oraibh.
29. Mar conas a théann duine isteach i dteach tréanfhir, agus a thugann sé creach a mhaoine, mura gceanglaíonn sé an tréanfhear i dtús báire? Is cinnte go bhféadann sé creach a dhéanamh ar a theach ansin.
30. An té nach bhfuil ar mo thaobh tá sé i m'aghaidh, agus an té nach mbailíonn liom bíonn sé ag scaipeadh.
31. lnsím daoibh dá bhrí sin, go maithfear gach peaca agus diamhasla do dhaoine, ach nach maithfear an diamhasla a dhéantar in aghaidh an Spioraid.
32. Agus go maithfear cibé focal a labhrófar in aghaidh Mhac an duine; ach an té a labhraíos in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní mhaithfear dó é, san aois seo i láthair ná san aois atá le teacht.
33. “Seo nó siúd: déanaigí dea-chrann agus dea-thoradh air, nó drochchrann agus drochthoradh air; mar aithnítear an crann ar a thoradh.
34. A áil na nathracha nimhe! Conas a fhéadann sibh dea-rud a rá, nuair is olc sibh? Mar is as flúirse an chroí a labhraíos an béal.
35. Tugann an dea-dhuine an dea-rud as an dea-stór a bhíos aige, agus tugann an drochdhuine an drochrud as a dhrochstórsan.