19. Ní bheidh sé clamprach ná ardghlórach,agus ní chluinfear a ghuth ar na sráideanna;
20. ní bhrisfidh sé an ghiolcach bhrúiteagus ní mhúchfaidh sé an buaiceas smolchaitego dtugann sé an ceart chun bua;
21. agus is as a ainmsean a bheidh dóchas ag na Gintlithe.”
22. Ba ansin a tugadh chuige balbhán dall a raibh deamhan ann, agus leigheas sé é, i dtreo go raibh idir urlabhra agus amharc ag an mbalbhán.
23. Rinne na daoine uile iontas de, agus dúirt siad, “An féidir gurb é Mac Dháibhí é?”
24. Ach nuair a chuala na Fairiséigh é, dúirt siadsan, “Níl ann ach go ndíbríonn an duine seo deamhain trí Bheelsebúl, prionsa na ndeamhan.”
25. Ar seisean leo agus a dhea-fhios aige cad iad na smaointe a bhí ina n‑intinn, “Níl ríocht a dhealaítear ina héadan féin nach ndéantar fásach di, agus ní sheasóidh an chathair ná an teaghlach a dhealaítear ina éadan féin;
26. agus más rud é go mbíonn Sátan ag díbirt Shátain, tá sé dealaithe ina éadan féin; agus conas a sheasós a ríocht mar sin?
27. Agus más trí Bheelsebúl a dhíbrímse deamhain, cé hé sin a mbíonn bhur mic á ndíbirt tríd? Mar sin bíodh siadsan ina mbreithiúna oraibh.
28. Ach más trí Spiorad Dé a bhímse ag díbirt deamhan, níl amhras nár tháinig ríocht Dé oraibh.
29. Mar conas a théann duine isteach i dteach tréanfhir, agus a thugann sé creach a mhaoine, mura gceanglaíonn sé an tréanfhear i dtús báire? Is cinnte go bhféadann sé creach a dhéanamh ar a theach ansin.