Tiomna Nua

Matha 12:14-32 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

14. Ach chuaigh na Fairiséigh amach go ndeachaigh i gcomhairle le chéile ina aghaidh, conas a chuirfidís deireadh leis.

15. Ní raibh Íosa dall air sin, agus d'imigh sé as sin. Chuaigh mórán ina dhiaidh, agus leigheas sé iad uile go léir,

16. agus d'ordaigh sé dóibh gan a insint go raibh sé ann.

17. Tharla sin leis an ní a dúirt an fáidh Ísáia a chomhlíonadh:

18. “Féach mo sheirbhíseach a thogh mé,mo dhuine ionúin a mbíonn toil ag m'anam ann.Cuirfidh mé air mo Spiorad,agus is é a fhógrós a gceart do na Gintlithe.

19. Ní bheidh sé clamprach ná ardghlórach,agus ní chluinfear a ghuth ar na sráideanna;

20. ní bhrisfidh sé an ghiolcach bhrúiteagus ní mhúchfaidh sé an buaiceas smolchaitego dtugann sé an ceart chun bua;

21. agus is as a ainmsean a bheidh dóchas ag na Gintlithe.”

22. Ba ansin a tugadh chuige balbhán dall a raibh deamhan ann, agus leigheas sé é, i dtreo go raibh idir urlabhra agus amharc ag an mbalbhán.

23. Rinne na daoine uile iontas de, agus dúirt siad, “An féidir gurb é Mac Dháibhí é?”

24. Ach nuair a chuala na Fairiséigh é, dúirt siadsan, “Níl ann ach go ndíbríonn an duine seo deamhain trí Bheelsebúl, prionsa na ndeamhan.”

25. Ar seisean leo agus a dhea-fhios aige cad iad na smaointe a bhí ina n‑intinn, “Níl ríocht a dhealaítear ina héadan féin nach ndéantar fásach di, agus ní sheasóidh an chathair ná an teaghlach a dhealaítear ina éadan féin;

26. agus más rud é go mbíonn Sátan ag díbirt Shátain, tá sé dealaithe ina éadan féin; agus conas a sheasós a ríocht mar sin?

27. Agus más trí Bheelsebúl a dhíbrímse deamhain, cé hé sin a mbíonn bhur mic á ndíbirt tríd? Mar sin bíodh siadsan ina mbreithiúna oraibh.

28. Ach más trí Spiorad Dé a bhímse ag díbirt deamhan, níl amhras nár tháinig ríocht Dé oraibh.

29. Mar conas a théann duine isteach i dteach tréanfhir, agus a thugann sé creach a mhaoine, mura gceanglaíonn sé an tréanfhear i dtús báire? Is cinnte go bhféadann sé creach a dhéanamh ar a theach ansin.

30. An té nach bhfuil ar mo thaobh tá sé i m'aghaidh, agus an té nach mbailíonn liom bíonn sé ag scaipeadh.

31. lnsím daoibh dá bhrí sin, go maithfear gach peaca agus diamhasla do dhaoine, ach nach maithfear an diamhasla a dhéantar in aghaidh an Spioraid.

32. Agus go maithfear cibé focal a labhrófar in aghaidh Mhac an duine; ach an té a labhraíos in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní mhaithfear dó é, san aois seo i láthair ná san aois atá le teacht.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 12