Tiomna Nua

Matha 12:1-13 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Ba é an t‑am sin a shiúil Íosa ar an tslí trí chuibhrinn na cruithneachta lá na sabóide; bhí an t‑ocras ar a dheisceabail, agus thosaigh siad ar stoitheadh na ndias agus á n‑ithe.

2. Ach nuair a chonaic na Fairiséigh sin, dúirt siad leis, “Féach, tá do dheisceabail ag déanamh ní nach ceadmhach a dhéanamh ar an tsabóid.”

3. ls é a dúirt sé leo, “An é nár léigh sibh faoin rud a rinne Dáibhí, nuair a bhí an t‑ocras air féin, agus ar an dream a bhí ina chuideachta:

4. mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé agus a d'ith sé arán na toirbhirte, nár cheadaigh an dlí dó a ithe é féin ná an dream a bhí ina chuideachta, ach do na sagairt amháin?

5. Nó an é nach bhfuil léite agaibh sa dlí mar a bhíonn an tsabóid á sárú ag na sagairt sa teampall, agus gan coir orthu?

6. Deirimse libh go bhfuil neach is mó ná an teampall anseo.

7. Agus dá mbeadh fhios agaibh cad a chiallaíos sé seo, ‘Trócaire is áil liom, agus ní iobairt,’ ní dhaorfadh sibh daoine atá neamhchiontach.

8. Mar tá tiarnas os cionn na sabóide ag Mac an duine.”

9. Chuaigh sé ar aghaidh as sin, go ndeachaigh isteach ina sionagóg siúd.

10. B'shiúd ansin fear a raibh leathlámh sheargtha air. Agus d'fhiafraigh siad de, “An ceadmhach leigheas a dhéanamh ar an tsabóid?”, le cúis a fháil lena chur air.

11. Ar seisean leo, “Cé an fear sin eadraibh, nach bhfuil aige ach aon chaora amháin, más rud é go dtiteann sí i bpoll lá na sabóide, nach mbéarfadh uirthi agus nach dtógfadh amach as í?

12. Nach fiú i bhfad níos mó duine ná caora! Dá bhrí sin de, is ceadmhach an mhaith a dhéanamh ar an tsabóid.”

13. Agus ar seisean ansin leis an bhfear, “Sín do lámh amach uait.” Agus shín an fear amach í, agus rinneadh slán folláin í, dála na leathláimhe eile.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 12