Tiomna Nua

Matha 1:6-19 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

6. agus ghin Iesse Dáibhí an rí.Agus ghin Dáibhí Solamh ó bhanchéile Úríá,

7. agus ghin Solamh Rehobóam, agus ghin Rehobóam Abíá, agus ghin Abíá Ásá,

8. agus ghin Ásá Iehoiseafat, agus ghin Iehoiseafat Iórám, agus ghin Iórám Usía,

9. agus ghin Usía Iótam, agus ghin Iótam Ahas, agus ghin Ahas Hesecía,

10. agus ghin Hesecía Manase, agus ghin Manase Amós, agus ghin Amós Iósía,

11. agus ghin Iósía Ieconía agus a dheartháireacha, in am broide na Babalóine.

12. Agus tar éis bhroid na Babalóine: ghin Ieconía Séaltíál, agus ghin Séaltíál Serobabel,

13. agus ghin Serobabel Abiúd, agus ghin Abiúd Elíacím, agus ghin Elíacím Asór,

14. agus ghin Asór Sadóc, agus ghin Sadóc Acím, agus ghin Acím Eliúd,

15. agus ghin Eliúd Eléásar, agus ghin Eléásar Mattan, agus ghin Mattan Iácób,

16. agus ghin Iácób Iósaf, fear céile Mhuire, ar gineadh uaithi Íosa dá ngairtear an Críost.

17. Mar sin ba cheithre ghlúin déag iad na glúine ó Abracham go Dáibhí, agus ceithre ghlúin déag ó Dháibhí go broid na Babalóine, agus ceithre ghlúin déag ó bhroid na Babalóine go dtí an Críost.

18. Is mar seo a tháinig Íosa Críost ar an saol. Nuair a bhí lámh is focal idir a mháthair Muire agus Iósaf, agus sula ndeachaigh sé chuici, fuarthas í agus an leanbh ina broinn ón Spiorad Naomh;

19. agus ó b'fhíréanta é a fear céile Iósaf, agus ó bhí leisce air a náiriú, bhí rún aige scaradh léi os íseal.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 1