Tiomna Nua

Matha 1:17-25 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

17. Mar sin ba cheithre ghlúin déag iad na glúine ó Abracham go Dáibhí, agus ceithre ghlúin déag ó Dháibhí go broid na Babalóine, agus ceithre ghlúin déag ó bhroid na Babalóine go dtí an Críost.

18. Is mar seo a tháinig Íosa Críost ar an saol. Nuair a bhí lámh is focal idir a mháthair Muire agus Iósaf, agus sula ndeachaigh sé chuici, fuarthas í agus an leanbh ina broinn ón Spiorad Naomh;

19. agus ó b'fhíréanta é a fear céile Iósaf, agus ó bhí leisce air a náiriú, bhí rún aige scaradh léi os íseal.

20. Ach fuair sé taispeáint, agus é ar na smaointe sin, d'aingeal ón Tiarna i mbrionglóid, agus é á rá leis, “A Iósaif, a mhic Dháibhí, ná bíodh eagla ort faoi ghlacadh le Muire do bhanchéile, mar an ghin atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh í;

21. béarfaidh sise mac, agus tabharfaidh tusa Íosa mar ainm air, ós é a shlánós a phobal óna bpeacaí.”

22. Tharla sin uile ag comhlíonadh a raibh ráite ag an Tiarna ó bhéal an fháidh:

23. “Féach, óigh a ghafas agus a bhéarfas mac, agus gairfear Emanuél de”(a chiallaíos, go bhfuil Dia linn).

24. Nuair a mhúscail Iósaf óna shuan, rinne sé mar a d'ordaigh aingeal an Tiarna dó; agus ghlac sé chuige a bhanchéile,

25. gan gabháil chuici go raibh mac aici; agus ba é an t‑ainm a thug sé air, Íosa.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 1