Tiomna Nua

Matha 1:13-18 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

13. agus ghin Serobabel Abiúd, agus ghin Abiúd Elíacím, agus ghin Elíacím Asór,

14. agus ghin Asór Sadóc, agus ghin Sadóc Acím, agus ghin Acím Eliúd,

15. agus ghin Eliúd Eléásar, agus ghin Eléásar Mattan, agus ghin Mattan Iácób,

16. agus ghin Iácób Iósaf, fear céile Mhuire, ar gineadh uaithi Íosa dá ngairtear an Críost.

17. Mar sin ba cheithre ghlúin déag iad na glúine ó Abracham go Dáibhí, agus ceithre ghlúin déag ó Dháibhí go broid na Babalóine, agus ceithre ghlúin déag ó bhroid na Babalóine go dtí an Críost.

18. Is mar seo a tháinig Íosa Críost ar an saol. Nuair a bhí lámh is focal idir a mháthair Muire agus Iósaf, agus sula ndeachaigh sé chuici, fuarthas í agus an leanbh ina broinn ón Spiorad Naomh;

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 1