Tiomna Nua

Marcas 9:24-39 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

24. Agus leis sin scairt athair an gharsúin in ard a chinn agus dúirt sé, “Creidimse; cuidigh le mo dhíchreideamh.”

25. Agus nuair a chonaic Íosa slua ag cruinniú de rith siúil, bhagair sé ar an sprid neamhghlan agus dúirt léi, “A sprid bhodhar bhalbh, ordaím duit teacht amach as, agus ná gabh isteach ann choíche aris!”

26. Agus tar éis béiciola agus é a chorraí go mór, tháinig sí amach, agus d'fhág an garsún ina luí mar mharbhán; sa dóigh go ndúirt an chuid ba mhó acu, “Is marbh atá sé.”

27. Ach rug Íosa ar a láimh gur thóg sé den talamh é, agus d'éirigh sé ina sheasamh.

28. Agus nuair a chuaigh sé isteach sa teach, d'fhiafraigh a dheisceabail de os íseal, “Cad chuige nár fhéadamar a cur amach?”

29. Agus dúirt sé leo, “Ní féidir an cineál seo deamhain a chur amach ach amháin leis an urnaí.”

30. Chuaigh siad ar aghaidh as an áit úd go ndeachaigh siad tríd an nGalailí. Agus bhí leisce air a fhios sin a bheith ag aon duine;

31. mar bhíodh sé ag múineadh a dheisceabal, agus é á rá leo, “Beifear ag brath Mhac an duine i lámha daoine, agus cuirfidh siad chun báis é; agus trí lá tar éis a chur chun báis éireoidh sé.”

32. Ach níor thuig siad an briathar sin, agus ní ligfeadh eagla dóibh fiafraí de ina thaobh.

33. Agus shroich siad Caparnáum; agus nuair a bhí sé istigh sa teach d'fhiafraigh sé díobh, “Cad é sin a raibh sibh ag caint faoi ar an mbealach?”

34. Ach d'fhan siad ina dtost; mar ba é rud a raibh siad ag caint faoi le chéile cé acu ba mhó orthu.

35. Agus shuigh sé faoi agus ghlaoigh sé chuige an dáréag; agus dúirt sé leo, “An té ar mhian leis bheith ar dtús, caithfidh sé teacht ar deireadh agus a bheith ina sheirbhíseach ag cách.”

36. Agus ghlac sé leanbh, agus chuir ina sheasamh é ina lár; agus ghlac sé ina bhaclainn é, agus dúirt sé leo,

37. “Cibé duine a ghlacas i m'ainmse le leanbh mar an leanbh seo, is liom a ghlacas sé, agus cibé duine a ghlacas liom, ní liom a ghlacas sé ach leis an té a chuir uaidh mé.”

38. Dúirt Eoin leis, “A Oide, chonaiceamar fear agus é ag cur deamhan amach i d'ainmse, agus chrosamar air é, as siocair nár lean sé sinn.”

39. Ach dúirt Íosa, “Ná cros air é; mar níl duine dá n‑imreodh mórghníomh i m'ainm a d'fhéadfadh drochfhocal a labhairt i m'éadan go gairid ina dhiaidh.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 9