Tiomna Nua

Marcas 8:20-38 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

20. “Agus an seacht mbuilin sin idir an ceithre mhíle, cé mhéid ciseán de ghrabhróga a thóg sibh?” “Seacht gciseán,” dúirt siad leis.

21. Agus dúirt sé leo, “An é nach dtuigeann sibh fós?”

22. Agus tháinig siad go Bétsáida. Agus bhí daoine ansin a thug dall chuige agus d'iarr air a lámh a chur air.

23. Agus rug sé ar láimh an daill gur tharraing é amach as an mbaile; agus chuir sé seile ar a shúile agus leag sé a lámha air, agus d'fhiafraigh sé de, “An bhfeiceann tú aon ní?”

24. Agus d'fhéach sé in airde agus dúirt sé, “Feicim fir; ach is ionann iad le hamharc orthu agus crainn na coille agus siúl fúthu.”

25. Chuir sé a lámha os cionn a' shúile arís ansin; agus d'fhéach sé go grinn, agus tugadh a amharc dó arís, agus d'fheiceadh sé gach aon ní go soiléir.

26. Agus chuir sé ar shiúl arís abhaile é, agus dúirt sé leis, “Ná déan oiread agus gabháil isteach sa sráidbhaile.”

27. Agus chuaigh Íosa ar aghaidh é féin agus a dheisceabail, go sráidbhailte Caesaria Filipi; agus sa siúl d'fhiafraigh sé dá dheisceabail, “Cé a deir na daoine is mise?”

28. Agus d'inis siad dó, “Eoin Baiste; agus deir dream eile gur tú Elia; agus dream eile fós a deir gur fáidh de na fáithe tú.”

29. Agus d'fhiafraigh sé díobh, “Ach cé a deir sibhse is mise?” Agus thug Síomón Peadar de fhreagra air, “Is tú an Críost.”

30. Agus bhagair sé orthu gan insint do dhuine ar bith faoi.

31. Agus thosaigh sé ar theagasc dóibh go gcaithfeadh Mac an duine mórán nithe a fhulaingt, agus na seanóirí agus na hardsagairt agus na scríobhaithe ag diúltú dó, agus go gcuirfí chun báis é, agus go n‑éireodh sé arís tar éis trí lá.

32. Agus dúirt sé sin go soiléir. Agus ghlac Peadar é, agus thosaigh ar locht a fháil air.

33. Ach thiontaigh sé thart agus chonaic sé a dheisceabail, agus d'fhág sé an locht ar Pheadar, agus dúirt leis, “Cúl mo chinn leat, a Shátain! Óir ní thaobhaíonn tú le Dia, ach leis na daoine.”

34. Agus ghlaoigh sé an mórshlua agus a dheisceabail leo, agus dúirt sé leo, “Más mian le haon duine teacht i mo dhiaidh diúltaíodh sé é féin agus tógadh sé a chrois ar a ghualainn agus leanadh sé mé.

35. Óir cibé duine ar mhian leis a bheatha a tharrtháil, is é a chaillfeas í; agus cibé duine a chaillfeas a bheatha mar mhaithe liomsa agus leis an soiscéal, is é a tharrthálfas í.

36. Mar cad é an tairbhe é do dhuine seilbh a fháil ar an domhan ar fad, agus seilbh a bheatha féin a chailleadh?

37. Mar cad é is féidir do dhuine a thabhairt uaidh lena bheatha féin a cheannach?

38. Óir cibé duine den ghlúin adhaltranach choirpeach seo ar chúis náire dó mise agus na briathra seo agam, beidh náire ar Mhac an duine a admháil gur leis féin é nuair a thagas sé i nglóir a Athar i gcuideachta na naomhaingeal.”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 8