Tiomna Nua

Marcas 8:1-16 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Ba sna laethanta ud uair eile, nuair a bhí slua mór cruinnithe, agus nach raibh aon ní le n-ithe acu, a ghlaoigh sé a dheisceabail chuige agus a dúirt sé leo,

2. “Tá trua agam don slua, atá anois na trí lá seo i mo chuideachta, agus gan aon ní le n‑ithe acu;

3. agus más rud é go gcuirim abhaile faoi ocras iad, tiocfaidh laige orthu ar an mbealach; agus tháinig cuid acu i bhfad.”

4. Agus d'fhreagair a dheisceabail é, “Conas is féidir arán a sholáthar do na daoine seo anseo ar an bhfásach?”

5. Agus d'fhiafraigh sé díobh, “Cé mhéid builín aráin atá agaibh?” “Seacht mbuilín,” ar siadsan.

6. Agus d'ordaigh sé don slua suí fúthu ar an talamh; agus ghlac sé na seacht mbuilín, agus thug sé altú buíochais agus roinn sé iad ar a dheisceabail le cur roimh na daoine; agus chuir siad roimh an slua iad.

7. Agus bhí beagán d'éisc bheaga acu; agus bheannaigh sé iad agus d'ordaigh sé iad a chur rompu fós.

8. Agus d'ith siad, agus bhí a ndóthain acu; agus tógadh lán seacht gciseán de na grabhróga.

9. Agus bhí siad timpeall ceithre mhíle duine ann.

10. Agus chuir sé ar shiúl iad; agus gan mhoill chuaigh sé isteach sa bhád, é féin agus a dheisceabail, go ndeachaigh siad go ceantar Dhalmanúta.

11. Tháinig na Fairiséigh agus thosaigh siad ar argóint leis, ag iarraidh comhartha ó neamh air, lena fhéachaint.

12. Agus tharraing sé osna mór ina spiorad, agus dúirt sé, “Cad chuige a n‑iarrann an ghlúin seo comhartha? Deirim i bhfírinne libh nach dtabharfar comhartha don ghlúin seo.”

13. Agus d'fhág sé iad, go ndeachaigh isteach sa bhád arís le himeacht go dtí an taobh thall.

14. Anois ba é a ndearmad arán a thabhairt leo; agus ní raibh acu sa bhád ach an t‑aon bhuilín amháin.

15. Agus thug sé rabhadh dóibh agus é á rá, “Tugaigí aire, agus seachnaigí laibhín na bhFairiséach agus laibhín Iorua.”

16. Agus thosaigh siad ar chíoradh an scéil sin le chéile, agus dúirt siad, “Níl arán againn.”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 8