Tiomna Nua

Marcas 6:43-53 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

43. Agus thóg siad lán dhá chiseán déag de ghiotaí aráin agus éisc.

44. Agus bhí siad cúig mhíle fear ann a d'ith na builíní úd.

45. Thug sé ar a dheisceabail dul ar an mbád gan tuilleadh moille agus imeacht anonn roimhe go dtí an taobh eile, go Bétsáida, le linn dó féin a bheith ag scaoileadh an tslua.

46. Agus nuair a bhí cead fágtha aige acu siúd, chuaigh sé suas faoi na cnoic le hurnaí a dhéanamh.

47. Agus nuair a thit an oíche orthu, bhí an bád amuigh ar an bhfarraige, agus bhí seisean ar an talamh leis féin.

48. Agus chonaic sé go raibh siad i gcruachás, ag iomramh in éadan na gaoithe. Agus tháinig sé chucu de shiúl cos ar uachtar na farraige sa cheathrú deireannach den oíche. Agus rinne sé mar a rachadh sé tharstu,

49. ach nuair a chonaic siad é agus é ag siúl na farraige, shíl siad gur taibhse a bhí ann, agus lig siad béic astu;

50. mar níl duine nach bhfaca é agus nach raibh uafás air. Ach labhair sé leo ar an bpointe agus dúirt sé leo, “Tógaigí bhur gcroíthe, mise atá ann; ná bíodh aon eagla oraibh.”

51. Agus chuaigh sé isteach leo sa bhád agus scoir an ghaoth leis sin. Agus bhí iontas as cuimse orthu,

52. mar níor thuig siad cad é a tharla i dtaobh na mbuilíni aráin, mar bhí a gcroíthe crua.

53. Agus nuair a bhí siad thall, tháinig siad i dtír ag Genésaret agus d'fheistigh siad an bád ar an trá.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 6