Tiomna Nua

Marcas 5:13-24 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

13. Agus thug sé an cead dóibh. Agus tháinig na spridí neamhghlana amach, agus chuaigh siad isteach sna muca; agus i dtaca leis an tréad, a raibh tuairim is dhá mhíle muc ann, chuaigh siad de ruathar síos leis an bhfána ghéar agus amach san fharraige, agus bádh san fharraige iad.

14. Theith na tréadaithe, agus d'inis siad faoi sa chathair agus sa dúiche. Agus tháinig daoine amach go bhfeicfidís cad é a tharla.

15. Agus tháinig siad chuig Íosa, agus chonaic siad an fear a raibh an deamhan ina chorp, an fear a raibh an léigiún ann, agus é ina shuí ansin agus éadaí air, agus é ar a chiall; agus bhí eagla orthu.

16. Agus d'inis an dream a chonaic é cad é a d'éirigh don fhear a raibh an deamhan ann agus do na muca.

17. Agus thosaigh siad ar iarraidh d'impí ar Íosa a gcomharsanachtsan a fhágáil.

18. Agus nuair a bhí sé ag dul isteach sa bhád, d'iarr an fear a raibh an deamhan ann air é féin a thabhairt leis.

19. Ach dhiúltaigh sé é, agus dúirt sé leis, “Gabh abhaile chuig do mhuintir féin, agus inis dóibh faoina ndearna an Tiarna de thrócaire ort.”

20. Agus d'imigh sé agus thosaigh sé ar fhorfhógairt ar fud chríoch Dhecapolis faoin méid a rinne Íosa dó; rud a chuir iontas ar na daoine uile.

21. Agus nuair a d'fhill Íosa arís sa bhád go dtí an taobh eile, chruinnigh slua mór ina thimpeall; agus bhí sé le cois na farraige.

22. Ba ansin a tháinig fear d'uachtaráin na sionagóige, darbh ainm Iáras; agus ní luaithe a chonaic sé é ná chaith sé é féin ag a chosa,

23. agus d'iarr sé d'achainí air, ag rá, “Tá m'iníon óg i gcróilí an bháis. Tar agus leag do lámha uirthi, go bhfaighe sí a beatha agus a sláinte.”

24. Agus chuaigh sé leis.Agus lean slua mór é agus iad ag plódú thart air.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 5