Tiomna Nua

Marcas 4:22-41 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

22. Mar ní chuirtear aon ní i bhfolach, gan a nochtadh; ná níl aon ní ina rún, nach dtugtar chun solais.

23. Má tá cluas le héisteacht ag aon duine, éisteadh sé.”

24. Agus dúirt sé leo, “Tugaigí aire don rud a chluineas sibh; tomhasfar chugaibh mar a thomhasas sibh uaibh go raibh sé ag cur thar maoil.

25. Óir cuirfear tuilleadh leis an té ag a bhfuil cheana, agus an té nach bhfuil aige cheana, bainfear de an méid atá aige.”

26. Agus dúirt sé, “Tá ríocht Dé mar dhuine a scaipfeadh síol ar an talamh,

27. agus a rachadh a luí agus a d'éireodh d'oíche agus de lá, agus an síol ag fás aníos agus ag faibhriú ar dhóigh nárbh fheasach dó.

28. Óir is uaidh féin a thugas an talamh a thoradh, an geamhar ar dtús, an dias ina dhiaidh sin, go dtagann iomlán na cruithneachta i gcraobh.

29. Ach nuair a bhíos an t‑arbhar aibí, cuireann sé an corrán ann láithreach, ós rud é go bhfuil aimsir an fhómhair ann.”

30. Agus dúirt sé, “Cad é sin a chuirimid i gcosúlacht le ríocht Dé, nó cad é an fáithscéal is fearr dúinn lena léiriú?

31. Is cosúil í le síol mustaird, an síol is lú de shíolta an talaimh nuair a chuirtear i dtalamh é;

32. ach ní luaithe a chuirtear an síol sin ná fásann sé aníos ina thom, an tom is mó de na tomóga agus cuireann sé amach craobhacha móra uaidh, go dtí go bhféadann éin an aeir a neadacha a dhéanamh faoina scáth.”

33. Agus is i mórán fáithscéalta den sórt sin a labhraíodh sé an briathar leo, de réir mar a d'fhéadaidís éisteacht leis;

34. ní labhraíodh sé leo gan fáithscéal, agus é ag míniú gach ní os íseal dá dheisceabail féin.

35. Nuair a tháinig tráthnóna an lae úd, dúirt sé leo, “Téimis anonn.”

36. Agus d'fhág siad an slua ina ndiaidh agus thug siad leo é, díreach mar a bhí sé, sa bhád. Agus bhí báid eile ina chuideachta.

37. Agus d'éirigh gála mór gaoithe, agus bhí na tonnta ag stealladh isteach sa bhád, go raibh sé ag líonadh cheana féin.

38. Ach bhí seisean i ndeireadh an bháid ina chodladh ar an adhairt; agus dhúisigh siad é agus dúirt siad leis, “A Oide, an beag leat ár mbascadh?”

39. Agus dhúisigh sé agus bhagair sé ar an ngaoth, agus dúirt sé leis an bhfarraige, “Fan socair suaimhneach!” Agus stad an ghaoth agus bhí ciúnas mór ann.

40. Dúirt sé leo. “Cad í an eagla seo oraibh? Nach bhfuil creideamh agaibh?”

41. Agus bhí siad lán de dhianeagla, agus iad á rá lena chéile, “Cé hé seo, a ngéilleann gaoth agus farraige dó?”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 4