Tiomna Nua

Marcas 4:1-10 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Agus thosaigh sé ar theagasc le cois na farraige. Agus chruinnigh slua an-mhór ina thimpeall, ionas go ndeachaigh sé isteach i mbád, agus bhí sé ina shuí mar sin ar an bhfarraige; agus an slua uile ar an talamh i mbéal na toinne.

2. Agus thug sé mórán teagaisc dóibh i bhfáithscéalta, agus dúirt sé an chaint seo ina theagasc:

3. “Éistigí! Chuaigh síoladóir amach a chur an tsíl.

4. Agus nuair a bhí sé ag cur an tsíl, thit cuid de amach roimhe ar an gcosán, agus chuaigh an éanlaith á ithe.

5. Thit tuilleadh ar thalamh creagach, an áit nach raibh mórán cré faoi, agus thosaigh sé ar ghobadh aníos, ó nach raibh aon doimhneacht cré faoi;

6. agus nuair a chuaigh an ghrian in airde sa spéir dódh é, agus nuair nach raibh aon fhréamh aige, d'fheoigh sé agus cailleadh é.

7. Thit síol eile i measc na ndriseog agus d'fhás na driseoga aníos go dtí gur thacht siad é, agus ní raibh toradh air.

8. Agus thit síol eile ar thalamh maith agus thug sé barr, ag fás agus ag faibhriú agus ag tabhairt uaidh faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.

9. Agus ar seisean, “An té a bhfuil cluas air le héisteacht, tugadh sé cluas.”

10. Agus nuair a bhí sé ina aonar, d'fhiafraigh an dream a bhí leis agus an dáréag de i dtaobh na bhfáithscéalta.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 4