Tiomna Nua

Marcas 3:4-17 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

4. Agus dúirt sé leo, “Cé acu is cirte de réir dhlí na sabóide an mhaith a dhéanamh nó an t‑olc a dhéanamh, beo an duine a tharrtháil, nó a scriosadh?” Ach d'fhan siad ina dtost.

5. Agus d'fhéach sé go feargach orthu, ó ghoill cruas a gcroíthe air, agus dúirt sé leis an bhfear, “Sín amach do lámh uait.” Shín sé an lámh agus leigheasadh í.

6. Ní luaithe sin déanta ná amach leis na Fairiséigh, le dul i gcomhairle le lucht Iorua lena mhilleadh.

7. D'fhág Íosa agus a dheisceabail an áit sin le dul chun na farraige, agus slua mór ina ndiaidh as Galailí; agus tháinig sluaite ina dhiaidh ó Iúdaea

8. agus ó Iarúsailéim agus ó Idúmaea agus ón taobh thall den Iornán agus ó cheantar Thiora agus Shiodóin nuair a chuala siad an méid a bhí á dhéanamh aige.

9. Agus dúirt sé lena dheisceabail bád a bheith réidh acu faoina choinne as siocair an tslua ar eagla go mbrúfaidís é;

10. óir is iomaí duine a bhí leigheasta aige, ionas go mbíodh an dream a mbíodh aicídí orthu ag brú isteach air le cuimilt leis.

11. Agus níl sprid neamhghlan a chonaic é nár thit os a choinne agus nár ghlaoigh os ard, “Is tú Mac Dé.”

12. Agus bhagair sé go dian orthu gan a n‑aithne air a ligean le haon duine.

13. Agus chuaigh sé suas i measc na gcnoc, agus ghlaoigh sé chuige na fir a bhí uaidh; agus tháinig siad chuige.

14. Agus cheap sé dáréag, le bheith ina chuideachta, agus lena gcur amach ag seanmóireacht

15. agus le húdarás a bheith acu leis na deamhain a chaitheamh amach:

16. Síomón ar thug sé Peadar mar fhorainm air;

17. Séamas mac Shebidé agus Eoin deartháir Shéamais, ar thug sé Bóanergés mar fhorainm orthu, sé sin clann na toirní;

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 3