Tiomna Nua

Marcas 3:25-35 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

25. Agus má scoiltear teach ina éadan féin, ní fhéadfaidh an teach sin seasamh.

26. Agus más rud é go bhfuil Sátan i ndiaidh éirí amach ina aghaidh féin, agus é easaontach leis féin, ní féidir leis seasamh, ach tá a ré caite.

27. Ach ní féidir do dhuine dul isteach i dteach an fhir thréin agus a mhaoin a thabhairt leis, mura mbíonn an fear tréan ceangailte aige an chéad uair; má tá, féadann sé creach a dhéanamh dá theach.

28. “Deirim libh i bhfírinne go maithfear don Ádhamhchlann a ndéanann siad de pheacaí, agus a ndeir siad de dhiamhasla;

29. ach an té a thugas masla don Spiorad Naomh níl maithiúnas le fáil aige, ach tá peaca síoraí air”

30. —óir bhí siad i ndiaidh a rá, “Tá sprid neamhghlan ann.”

31. Agus tháinig a mháthair agus a dheartháireacha; agus d'fhan siad ina seasamh amuigh, agus chuir siad fios air.

32. Agus bhí slua ina suí ina thimpeall; agus dúradh leis, “Tá do mháthair agus do dheartháireacha amuigh agus iad do d'iarraidh.”

33. Agus d'fhreagair sé, “Cé hiad mo mháthair agus mo dheartháireacha?”

34. Agus d'fhéach sé thart ar an dream a bhí ina suí ina thimpeall, agus dúirt sé, “Seo iad mo mháthair agus mo dheartháireacha.

35. Cibé duine a dhéanas toil Dé is é an duine sin mo dheartháir, agus mo dheirfiúr agus mo mháthair.”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 3