1. Uair eile chuaigh sé isteach sa tsionagóg agus bhí fear ansin a raibh leathlámh sheargtha aige.
2. Agus bhíothas ag faire air le feiceáil an leigheasfadh sé é lá na sabóide, le cionta a chur ina leith.
3. Agus dúirt sé le fear na leathláimhe seargtha, “Tar i leith.”
4. Agus dúirt sé leo, “Cé acu is cirte de réir dhlí na sabóide an mhaith a dhéanamh nó an t‑olc a dhéanamh, beo an duine a tharrtháil, nó a scriosadh?” Ach d'fhan siad ina dtost.
5. Agus d'fhéach sé go feargach orthu, ó ghoill cruas a gcroíthe air, agus dúirt sé leis an bhfear, “Sín amach do lámh uait.” Shín sé an lámh agus leigheasadh í.