Tiomna Nua

Marcas 2:9-26 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

9. Cé acu is fusa, a rá leis an bpairiliseach go bhfuil a pheacaí maite, nó a rá leis, ‘Éirigh, agus ardaigh do shráideog agus siúil leat?’

10. Ach chun go mbeidh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an duine ar talamh leis na peacaí a mhaith­eamh”—ar seisean leis an bpairiliseach—

11. “Deirim leat, éirigh, ardaigh do shráideog agus gabh abhaile.”

12. Agus d'éirigh sé, agus d'ardaigh sé an tsráideog agus d'imigh leis os comhair a raibh i láthair; sa dóigh go raibh iontas orthu agus gur thug siad glóir do Dhia, agus iad á rá os ard, “Ní fhacamar a leithéid riamh!”

13. Chuaigh sé amach ansin arís le cois na farraige; agus chruinnigh an slua uile ina thimpeall, agus theagasc sé iad.

14. Agus nuair a chuaigh sé ar aghaidh, chonaic sé Lébhi mac Alfaeus ina shuí in oifig na cánach, agus ar seisean leis, “Lean mise.” Agus d'éirigh sé agus lean sé é.

15. Agus nuair a shuigh sé chun boird ina theachsan bhí mórán bailitheoirí cánacha agus peacach ina suí i gcuid­eachta Íosa agus i gcuideachta a dheisceabal; óir b'iomaí sin duine a lean é.

16. Agus nuair a chonaic siad é ag ithe i gcuideachta bailitheoirí cánacha agus lucht na bpeacaí, d'fhiafraigh scríobhaithe na bhFairiséach dá dheisceabail, “Cad chuige a bhfuil sé ag ithe i gcuideachta bailitheoirí cánacha agus lucht na bpeacaí?”

17. Agus dúirt Íosa leo, nuair a chuala sé sin, “Níl feidhm dhochtúra ar an dream atá ina sláinte, ach ar na daoine atá breoite; níor tháinig mise leis na fíréin a ghairm, ach leis na peacaigh a ghairm.”

18. Anois bhí deisceabail Eoin agus na Fairiséigh ag troscadh, agus tháinig daoine ag fiafraí de, “Cad chuige a bhfuil deisceabail Eoin agus na Fairiséigh ag troscadh, agus gan do chuidse deisceabal a bheith ag troscadh?”

19. Agus dúirt Íosa leo, “An féidir le lucht na bainise bheith ag troscadh agus an fear nuaphósta ina gcuideachta? Chomh fada agus bhíos an fear nuaphósta ina gcuideachta, ní féidir leo troscadh a dhéanamh.

20. Ach tiocfaidh an uair a scarfar iad agus an fear nuaphósta ó chéile, agus déanfaidh siad troscadh ansin.

21. Ní gnách le haon duine píosa d'éadach gan traoitheadh a fhuáil ar sheanéadach; mar má dhéanann féin, bíonn an píosa nua ag réabadh ón seanéadach, go dtí gur measaide an stróiceadh é.

22. Agus ní gnách le haon duine fíon úr a chur isteach i seanseithí; mar má dhéanann féin, is amhlaidh a phléascfaidh an fíon na seithí, go gcailltear idir fhíon agus sheithí; ach is do sheithí úrleathair an fíon úr.”

23. Agus tharla aon sabóid amháin nuair a bhí sé ag siúl na gcuibhreann arbhair gur thosaigh a dheisceabail ar stathadh na ndias sa siúl.

24. Agus arsa na Fairiséigh leis, “Féach, cad chuige a bhfuil siad ag déanamh ní atá crosta orthu ag an dlí a dhéanamh lá na Sabóide?”

25. Agus ar seisean leo, “An é nár léigh sibh riamh faoin ní a rinne Dáibhí, nuair a bhí sé i gcruachás leis an ocras a bhí air féin agus ar an dream a bhí leis:

26. agus an dóigh a ndeachaigh sé isteach i dteach Dé, an t‑am a raibh Abiatar ina ardsagart, gur ith sé arán na toirbhirte, nár cheadmhach ach do na sagairt amháin a ithe, agus, lena chois sin gur thug sé an t‑arán céanna dá chomrádaithe?”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 2