21. Ní gnách le haon duine píosa d'éadach gan traoitheadh a fhuáil ar sheanéadach; mar má dhéanann féin, bíonn an píosa nua ag réabadh ón seanéadach, go dtí gur measaide an stróiceadh é.
22. Agus ní gnách le haon duine fíon úr a chur isteach i seanseithí; mar má dhéanann féin, is amhlaidh a phléascfaidh an fíon na seithí, go gcailltear idir fhíon agus sheithí; ach is do sheithí úrleathair an fíon úr.”
23. Agus tharla aon sabóid amháin nuair a bhí sé ag siúl na gcuibhreann arbhair gur thosaigh a dheisceabail ar stathadh na ndias sa siúl.
24. Agus arsa na Fairiséigh leis, “Féach, cad chuige a bhfuil siad ag déanamh ní atá crosta orthu ag an dlí a dhéanamh lá na Sabóide?”
25. Agus ar seisean leo, “An é nár léigh sibh riamh faoin ní a rinne Dáibhí, nuair a bhí sé i gcruachás leis an ocras a bhí air féin agus ar an dream a bhí leis:
26. agus an dóigh a ndeachaigh sé isteach i dteach Dé, an t‑am a raibh Abiatar ina ardsagart, gur ith sé arán na toirbhirte, nár cheadmhach ach do na sagairt amháin a ithe, agus, lena chois sin gur thug sé an t‑arán céanna dá chomrádaithe?”
27. Agus d'inis seisean dóibh, “Is ar son an duine a cruthaíodh an tsabóid, ach ní ar son na sabóide a cruthaíodh an duine;
28. agus mar sin de tá Mac an duine ina thiarna os cionn na sabóide féin.”